Written answers

Tuesday, 8 November 2011

Department of Agriculture, Marine and Food

Seirbhísí Farantóireachta

9:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 421: To ask the Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara an bhfuil sé i gceist feabhas a chur ar na foscadáin ag na pontúin i Ros an Mhíl, Contae na Gaillimhe; agus an bhfuil sé i gceist na suíocháin atá sna foscadáin atá ann cheana féin a ardú mar go bhfuil siad ró-íseal; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [33137/11]

Photo of Simon CoveneySimon Coveney (Cork South Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Is ar iarratas ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta a cuireadh foscadh ar fáil ag Lárionad Chuan Iascaigh Ros an Mhíl do phaisinéirí a bheadh ag dul go hÁrainn agus ag teacht as agus is í an Roinn sin atá ag maoiniú 75% de chostas iomlán an tionscadail.

Tá ardú curtha le gairid ag na conraitheoirí, atá freagrach as an bhfoscadh do phaisinéirí a shuiteáil, ar airde na suíochán mar fhreagra ar ábhar imní a d'ardaigh mo Roinnse.

Glacaim leis go soiléiríonn sé seo an cás.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 422: To ask the Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara an bhfuil sé i gceist táillí páirceála a ghearradh ar oileánaigh ag an gclós páirceála de chuid na Roinne i Ros an Mhíl, Contae na Gaillimhe, ó tharla nár gearradh táillí go dtí seo ar oileánaigh; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [33139/11]

Photo of Simon CoveneySimon Coveney (Cork South Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tá mo Roinn freagrach as na sé Lárionad Chuan Iascaigh a bhainistiú agus a fhorbairt, lena n-áirítear Lárionad Chuan Iascaigh Ros an Mhíl.

Is féidir liom a dheimhniú go ndearna mo Roinn infheistíocht le déanaí in uasghrádú na háise carrchlóis ag Lárionad Chuan Iascaigh Ros an Mhíl agus tá sé soiléir go bhfuil freagracht ar mo Roinn an toradh is mó is féidir a fháil ar an infheistíocht sin. Tá an bealach iomchuí chun úsáid na háise sin a bhainistiú á mheas faoi láthair.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.