Written answers

Tuesday, 8 November 2011

Department of Environment, Community and Local Government

Calaidh agus Céanna

9:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 334: To ask the Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil cén uair a cheadófar scéim séarachais do Chill Rónáin ar Árainn; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [33138/11]

Photo of Phil HoganPhil Hogan (Carlow-Kilkenny, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Soláthraíonn An Clár Infheistíochta Seirbhísí Uisce 2010 - 2012, a bhfuil cóip ar fáil i Leabharlann an Oireachtais, maidir le forbairt raon cuimsitheach de bhonneagar na seirbhísí uisce nua i gContae na Gaillimhe. Cuimsíonn an Clár conarthaí atá faoi thógáil agus atá le tusú le luach os cionn €130 milliún i gContae na Gaillimhe i rith tréimhse an Chláir. Ní raibh an Scéim Séarachais Chill Rónáin i measc na conarthaí agus na scéimeanna tosaíochta roghnaithe le cur san áireamh sa Chlár reatha.

Is é aidhm ag an gClár tús áite a thabhairt do thionscadail a chomhlíonann saincheisteanna comhshaoil ?? agus a thugan tacaíocht do fostaíocht agus forbairt eacnamaíochta. Ba é an measúnú ar riachtanais ullmhaithe a rinne na húdaráis áitiúla lena n-áirítear Comhairle Chontae na Gaillimhe, mar fhreagra ar iarratas ón Roinn a bhí mar príomh ionchur d'fhorbairt an Chláir. Rinneadh measúnú ina dhiaidh sin sa Roinn i gcomhthéacs na cistí atá ar fáil agus na critéir lárnacha a chomhlánú lena cinn a úsáidtear ag na húdaráis. Níl dul thairis, tríd an bpróiseas seo, bhí ar thionscadal áirithe a bhí molta slí a ghéill do thionscadal eile a bhí níos straitéiseach no tábhachtach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.