Written answers
Tuesday, 8 November 2011
Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs
Scéimeanna Feabhsúcháin Gaeltachta
9:00 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Question 304: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta Ealaíon cén soláthar a cuireadh ar fáil sna meastacháin athbhreithnite i mbliana do shaoráidí spóirt agus caitheamh aimsire; cé méid de sin atá caite go dáta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [33136/11]
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Cuireadh €1.3m ar fáil do mo Roinn le caitheamh ar shaoráidí spóirt agus caitheamh aimsire sa Ghaeltacht in 2011 agus táthar sásta gur leor an méid sin le freastal bunúsach a dhéanamh ar na riachtanais atá ann.
Tuigtear dom go bhfuil caiteachas de €655,236 déanta faoin scéim go dáta agus go bhfuiltear ag súil leis go mbeidh éilimh íocaíochta déanta ar an bhfuílleach roimh dheireadh na bliana.
No comments