Written answers

Tuesday, 8 November 2011

Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs

Calafoirt Oileánda

9:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 298: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige fóirdheontais a chur ar fáil do na húdaráis áitiúla a bhfuil céibheanna oileánda faoina gcúram a mbíonn seirbhísí fóirdheonaithe farantóireachta ag teacht chucu agus ag imeacht uathu agus an bhfuil costais arda reáchtála ag baint leo le cuidiú leis an gcostas maireachtála, atá i bhfad níos airde ar na hoileáin cheana féin, a choinneáil síos; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [33129/11]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tá sé mar fhreagracht ar na húdaráis áitiúla íoc as na costais chothabhála a bhaineann leis na saoráidí atá faoina gcúram. Dá bhrí sin, níl i gceist ag mo Roinn fóirdheontas a chur ar fáil.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 299: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige diúltú d'aon éileamh ar arduithe ar tháillí paisinéirí ag éirí as cinneadh Chomhairle Condae na Gaillimhe táillí calafoirt a chur i bhfeidhm i gCill Rónáin, Inis Mór; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [33130/11]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tá uasmhéid na dtáillí taistil le haghaidh paisinéirí don tseirbhís seo sonraithe sa chonradh idir an comhlacht farantóireachta agus mo Roinnse. Is cúram do Chomhairle Contae na Gaillimhe é na táillí calafoirt atá luaite sa cheist. Tá na táillí sin neamhspleách ar na táillí taistil atá fóirdheonaithe ag mo Roinnse. Dá bhrí sin, níl aon fhreagracht ag mo Roinn i leith na dtáillí calafoirt.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 300: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige dul i gcomhairle leis na hAirí Ránna Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil agus Talamhaíoctha, Bia agus Iascaigh le cinntiú nach mbeidh ar bháid iascaigh a íocann táillí cuain ag na calafoirt iascaigh táillí breise a íoc ar na calafoirt oileánda; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [33131/11]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Bíonn teagmháil rialta ag mo Roinnse leis na Ranna cuí maidir le nithe éagsúla ar na hoileáin. Sa chás atá luaite ag an Teachta, luíonn an fhreagracht maidir leis na táillí ar úinéirí na saoráidí agus níl aon ról díreach ag mo Roinn chomh fada is a bhaineann sé leis na táillí sin.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 301: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta le pleanáil don síneadh ar Chéibh Inis Oírr; agus cén uair atá súil an togra seo a chur ar tairiscint agus cén uair atá súil go mbeidh sé críochnaithe; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [33133/11]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tuigtear do mo Roinn go bhfuil cead pleanála agus ceadúnas forchladaigh faighte ag Comhairle Contae na Gaillimhe don fhorbairt atá i gceist. Tuigtear do mo Roinn fosta nach bhfuil sé beartaithe dul chun tairisceana sa ghearrthéarma toisc nach bhfuil na hacmhainní ar fáil chun dul i mbun na forbartha faoi láthair ar Ché Inis Oírr.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.