Written answers
Tuesday, 8 November 2011
Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs
Grúp-Scéimeanna Uisce
9:00 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Question 293: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil deontais ar fáil óna Roinn le cabhrú le grúp-scéimeanna uisce Gaeltachta; agus mura bhfuil cén uair a cuireadh an scéim ar fionraí agus ar fógraíodh é seo go poiblí; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [33123/11]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Question 294: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cé mhéid iarratas ar dheontas a rinneadh faoi scéim deontais na ngrúp-scéimeanna Gaeltachta ó cuireadh an scéim ar fionraí, méid na ndeontas a lorgaíodh san iomlán, líon na scéimeanna a bhí i gceist; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [33124/11]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Question 295: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige an scéim deontais do ghrúp-scéimeanna a athoscailt; agus má tá cén uair atá sé i gceist é sin a dhéanamh; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [33125/11]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Question 296: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén soláthar a rinneadh i meastacháin na Roinne don bhliain 2011 do scéimeanna uisce agus séarachais; an méid atá caite go dáta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [33126/11]
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Tá i gceist agam Ceisteanna Uimh. 293, 294, 295, agus 296 a thógáil le chéile.
Faoi mar is eol don Teachta, tá scéim ag mo Roinn faoina gcuirtear cúnamh ar fáil do ghrúpscéimeanna uisce agus séarachais sa Ghaeltacht. Cé nach bhfuil an scéim sin curtha ar fionraí go foirmiúil, níl mo Roinn ag glacadh le hiarratais nua faoin scéim faoi láthair de bharr méid na ngealltanas atá ar láimh aici. Go deimhin, cuireadh in iúl d'fhiafraitheoiríéagsúla ó chomhairlí contae ó thús na bliana seo - ar a n-áirítear cás amháin ó Chontae Mhaigh Eo a luadh go sonrach - nach bhfuil mo Roinn ag glacadh le hiarratais nua faoin scéim.
Cuireadh soláthar €20,000 ar fáil don scéim in 2011 le freastal a dhéanamh ar scéimeanna atá ceadaithe le tamall. Cé nach bhfuil an soláthar seo caite go fóill, táim dóchasach go mbeidh a dhóthain ann le freastal a dhéanamh ar na riachtanais a bheidh ann i mbliana.
No comments