Written answers

Tuesday, 8 November 2011

Department of Education and Skills

Coistí Gairmoideachais

9:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 160: To ask the Aire Oideachais agus Scileanna cé na bearta atá i gceist aige a dhéanamh le go mbeidh Gaeilge sách líofa ag na príomhfheidhmeannaigh atá le ceapadh ar na coistí gairmoideachais nua-eagraithe ar fud na tíre le go mbeidh siad in ann a gcuid gnóthaí laethúla a dhéanamh trí Ghaeilge leis na gaelcholáistí agus na scoileanna Gaeltachta a bheidh faoina gcúram; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [33132/11]

Photo of Ruairi QuinnRuairi Quinn (Dublin South East, Labour)
Link to this: Individually | In context

Le déanaí thug mo Roinn comhaontú i gcrích leis an gCeardchumann Seirbhísí, Tionsclaíoch, Gairmiúil agus Teicniúil, an ceardchumann a dhéanann ionadaíocht do na Príomhoifigigh Feidhmiúcháin (POFanna) ar na CGOanna, faoi scéim ath-imlonnaithe do POFanna i gcomhthéacs chomhaontú Pháirc an Chrócaigh.

Bainfear feidhm as an scéim seo, sa chéad ásc, chun ceapacháin POFanna ar na comhlachtaí nua CGO a chinneadh, nuair a bheidh an reachtaíocht ábhartha achtaithe. Cuireann an scéim chomhaontaithe deis ar fáil dóibh siúd atá ceaptha ar ghrád an POF ar CGO (seachas i gcáil ghníomhach shealadach) ath-imlonnú insna poist nua POF a roghnú. Áit a bhfuil níos mó ná deonach amháin ann i gcás poist ar bith de na poist nua POF, déanann an scéim foráil go dtairgfear an post, sa chéad ásc, don deonach intofa is sinsearaí.

Sa chás nach líontar na poist go léir mar thoradh ar an bpróiseas roghnaithe, déanann an scéim foráil do shannadh POF bhuain atá ann cheana do phost nach ndearna sé/í roghnú ina leith, nó do cheapadh shealbhóra poist analógaigh sa tSeirbhís Phoiblí ar cheann ar bith de na poist atá ar fáil de réir forálacha chomhaontú Pháirc an Chrócaigh. Is mian liom a chur in iúl don Teachta gurb í an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí a leagann amach na cáilíochtaí atá riachtanach chun Príomhfheidhmeannach buan a cheapadh ar Choiste Gairmoideachais (CGO). I measc na gcáilíochtaí sin tá riachtanas go mbeadh Gaeilge agus Béarla araon ag iarrthóir. Cruthaítear go bhfuil Gaeilge ag iarrthóir trí bhéaltriail inniúlachta a chur ar an iarrthóir agus éilítear marc pas de 65% chun go mbeadh iarrthóir intofa dona c(h)eapadh. Tá feidhm ag an riachtanas seo i gcás ceapachán Príomhfheidhmeannach buan insna CGOanna go léir, ní insna CGOanna amháin sin a bhfuil Gaelcholáistí iontu nó insna CGOanna amháin a chuimsíonn ceantair Gaeltachta. Tá na riachtanais seo sásaithe ag na POFanna buana go léir atá ann faoi láthair.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.