Written answers

Wednesday, 2 November 2011

Department of Environment, Community and Local Government

Meitheal Forbartha na Gaeltachta

8:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 273: To ask the Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil cén uair a chuirfear socruithe in áit chun na seirbhísí a bhíodh á gcur ar fáil ag MFG sa Ghaeltacht a chur ar fáil; an bhféadfadh sé a mhíniú cén dul chun cinn atá déanta maidir leis an gceist seo ón 14 Meán Fómhair; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [31864/11]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 274: To ask the Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil cad iad na socruithe atá déanta aige chun deontais a íoc faoin gClár Leader le daoine a bhí ag plé le MFG; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [31865/11]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 275: To ask the Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil cén uair a chuirfear an cruinniú a gealladh dom sa Dáil ar an 14 Meán Fómhair ar bun idir ionadaithe tofa an Oireachtais as na toghcheantair a bhfuil Gaeltacht iontu agus a Roinn; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [31866/11]

Photo of Phil HoganPhil Hogan (Carlow-Kilkenny, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

I gceist agam a ghlacadh Ceist Uimh. 273, 274 agus 275 le chéile.

Bhí conradh sínithe ag an Roinn seo le Meitheal Forbartha na Gaeltachta (MFG) le haghaidh Chlár Forbartha Tuaithe (CFT) agus an Clár Forbartha Áitiúil agus Pobail agus riarann MFG cláranna eile ar son na Roinne seo agus Roinne eile.

Tá ceisteanna casta dlíthiúla agus conarthacha le réitiú agus tá mo Roinn ag obair ar réiteach fadtéarmacha agus gearrthéarmacha a fháil le haghaidh Chlár Forbarta Tuaithe (CFT) agus cláranna eile sa Ghaeltacht. Is é mo chuspóir réiteach éifeachtúla a fháil agus é a chur i bhfeidhm gan mhoill.

Maidir le hiarratas an Teachta ar chruinniú le hoifigigh na Roinne, níl eolas breise ar fáil faoi láthair maidir le MFG ach beidh mo Roinn i dteagmháil leis an dteachta nuair atá tuilleadh eolas ar fáil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.