Written answers

Thursday, 20 October 2011

Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs

Gníomhaireachtaí Rannach

5:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 117: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén maoiniú atá curtha ar fáil do na háisíneachtaí faoi choimirce na Roinne, na háisíneachtaí trasteorann ina measc, le deich mbliana anuas (2000-2010), cén céatadán den mhaoiniú sin a caitheadh ar chostas riaracháin na n-áisíneachtaí faoi seach, agus cén ceatadán den chostas riaracháin a caitheadh ar thuarastail sna háisíneachtaí faoi seach sa tréimhse sin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [30441/11]

Photo of Jimmy DeenihanJimmy Deenihan (Kerry North-West Limerick, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Mar a bheidh ar eolas ag an Teachta, bunaíodh mo Roinn ar an 2 Meitheamh 2011. Déantar mionsonraí na leithdháiltí caiteachais a chuirtear ar fáil do chomhlachtaí atá faoi choimirce na Roinne ag leibhéal fo-mhírchinn a fhoilsiú gach bliain in Imleabhar na Meastachán Athbhreithnithe agus sa Chuntas Leithreasa. Áirítear in Imleabhar na Meastachán Athbhreithnithe Ráitis Ghníomhaireachta mhionsonraithe a léiríonn méid an mhaoinithe a caitheadh ar riarachán agus ar phá le linn na bliana roimhe sin.

Tá na foilseacháin seo le fáil ar shuíomhanna gréasáin na Roinne Caiteachais Phoiblí & Athchóirithe agus Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste. Ionas go mbeidh sé níos éasca teacht orthu, seo a leanas an nasc ag a bhfuil cóipeanna d'Imleabhar na Meastachán Athbhreithnithe le fáil: http://per.gov.ie/estpubexp2011/

Tá na Cuntais Leithreasa Bhliantúla le fáil ag an nasc seo leanas: http://audgen.gov.ie/viewdoc.asp?DocID=-1&CatID=3&UserLang=EN&m=6

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 118: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cá mhéad airgid atá caite ag na háisíneachtaí faoi choimirce na Roinne, na háisíneachtaí trasteorann ina measc, le trí bliana anuas ar chomhairleoirí gnó agus ar chomhairle dlí; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [30442/11]

Photo of Jimmy DeenihanJimmy Deenihan (Kerry North-West Limerick, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tá an t-eolas a cuireadh ar fáil do mo Roinnse ó na gníomhaireachtaí atá faoina cúram i dtaca leis an méid airgid a caitheadh ar chomhairle gnó agus dlíthiúil le trí bliana anuas leagtha amach sa tábla thíos.

Ainm an ChomhlachtaAn méid a caitheadh ar Chomhairle Gnó & Dlíthiúil in 2009An méid a caitheadh ar Chomhairle Gnó & Dlíthiúil in 2010An méid a caitheadh ar Chomhairle Gnó & Dlíthiúil go dtí seo in 2011Iomlán
UiscebhealaíÉireann€348,651€209,380€120,604€678,635
An Foras Teanga: Foras na Gaeilge€233,413€171,855€81,835€487,103
An Foras Teanga: Gníomhaireacht na hUltaise*€9,615€3,236€1,060€13,911
Údarás na Gaeltachta€720,261€482,507€181,612€1,384,380
Dánlann Ealaíne Crawford€73,493€207,939€143,689€425,121
Leabharlann Náisiúnta na hÉireann€97,788€194,976€107,163€399,927
An Chomhairle Oidhreachta€167,372€113,712€107,849€388,932
Dánlann Náisiúnta na hÉireann€166,871€222,985€205,036€594,892
An Ceoláras Náisiúnta€520,757€248,321€140,305€909,383
Ard-Mhúsaem na hÉireann€49,155€13,823€25,587€88,565
Áras Nua-Ealaíne na hÉireann€42,000€16,000€18,000€76,000
An Chomhairle Ealaíon€26,902€25,120€11,478€63,500
Bord Scannán na hÉireann€380,661€267,715€196,625€845,001
* Úsáideadh na rátaí malairte airgid seo a leanas agus an caiteachais thuas á ríomh: 2011 - €1 = £0.82; 2010 - €1 = £0.89; 2009 - €1 = £0.78.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.