Written answers

Wednesday, 19 October 2011

Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs

Maoiniú d'Eagrais Ghaeilge

6:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 76: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil aon chinneadh déanta aige, nó ag a Roinn nó ag Foras na Gaeilge, maoiniú ón Stát do na heagrais óige atá lonnaithe sa Stát seo, mar shampla Cumann na bhFiann, a tharraingt siar nó a laghdú [30301/11]

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 77: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, cén uair a bheidh polasaí ann lena gcinnteofar gur ar bhonn uile-Éireann a bheidh ár n-eagrais Ghaeilge eagraithe, seachas ar bhonn 26 Chontae, má táthar ag rá gur eagrais náisiúnta iad ar mhaithe le deontais a fháil ón Lár-Chiste [30302/11]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tógfaidh mé Ceisteanna 76 agus 77 le chéile.

Mar thoradh ar athbhreithniú seachtrach ar na heagraíochtaí a fhaigheann bunmhaoiniú ó Fhoras na Gaeilge, Cumann na bhFiann san áireamh, d'aontaigh an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas gur chóir an cur chuige bunmhaoinithe a athrú chun cur chuige níos sruthlínithe agus níos cost-éifeachtaí a chur i bhfeidhm. Dá bhrí sin, tá sé i gceist go mbeidh Foras na Gaeilge ag athrú ó mhúnla bunmhaoinithe don 19 n-eagraíocht atá i gceist go múnla iomaíoch, bunaithe ar scéimeanna faoina ndéanfar tosaíochtaí straitéiseacha éagsúla a sheachadadh.

Ag cruinniú den Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas ar 12 Deireadh Fómhair, nótáladh an dul chun cinn atá déanta ag Foras na Gaeilge go dtí seo i ndáil le punann dréacht-scéimeanna a ullmhú don tsamhail mhaoinithe iomaíoch nua, a bhfuil sé mar sprioc aici tairbhí suntasacha luach ar airgead a bhaint amach agus dualgais reachtúla Fhoras na Gaeilge a chomhlíonadh go héifeachtach.

Iarradh ar Fhoras na Gaeilge roinnt céimeanna a thógáil chun an próiseas athbhreithnithe a thabhairt chun cinn, eadhon:

- tréimhse bhreise chomhairliúcháin 12 seachtain a chur ar fáil i ndáil le punann na ndréacht-scéimeanna, go háirithe leis na heagraíochtaí bunmhaoinithe;

- a chinntiú go dtabharfar deis do chomhlachtaí reachtúla bainteacha an tionchar a bheidh ag na dréacht-scéimeanna ar a réimsí feidhmiúcháin a bhreithniú;

- an punann dréacht-scéimeanna a leasú de réir mar is gá agus mar is cuí, ag féachaint don phróiseas comhairliúcháin leathnaithe;

- cás gnó mionsonraithe a ullmhú, le cúnamh neamhspleách más gá, chun tacú le punann na ndréacht-scéimeanna;

- plean tionscadail athbhreithnithe a ullmhú, i gcomhar leis na Ranna Urraíochta, a thabharfaidh aird mar is cuí ar chur i gcrích an phróisis athbhreithnithe mar bheart práinne; agus

- tuarascáil eile ar an dul chun cinn a sholáthar don chéad chruinniú eile den Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas i mí Feabhra 2012.

I bhfianaise na gcinntí sin, tuigfidh an Teachta nach mbeadh sé cuí domsa a bheith ag tabhairt mo bhreithiúnais maidir leis an tsamhail mhaoinithe nua i láthair na huaire, ach bheinn ag glacadh leis go dtabharfar san áireamh, sa phróiseas thuasluaite, an cheist atá luaite ag an Teachta maidir leis an mbonn faoina bhfeidhmeoidh na heagraíochtaí a bheidh le maoiniú faoin gcóras nua amach anseo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.