Written answers
Tuesday, 18 October 2011
Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs
Meitheal Forbartha na Gaeltachta
9:00 pm
Peadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Question 302: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige, i gcomhairle an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil, fiosrúchán a dhéanamh agus tuairisc iomlán a thabhairt maidir leis na deacrachtaí atá ag an gcomhlacht MFG [30175/11]
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Mar a thuigeann an Teachta, eascraíonn na deacrachtaí atá luaite aige as iniúchadh a rinneadh ar MFG ag Pobal, comhlacht a thagann faoi chúram na Roinne Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil. Tuigtear dom go bhfuil an Roinn sin agus Pobal ag scrúdú meicníochtaí a chinnteodh go leanfaí ag seachadadh na seirbhísí a bhíodh á soláthar ag MFG sa Ghaeltacht. Ní gá dom a rá go bhfuil súil agam go mbeifear in ann teacht ar réiteach den chineál sin chomh luath agus is féidir.
No comments