Written answers

Tuesday, 18 October 2011

Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs

An Teanga Gaeilge

9:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 286: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an dtacaíonn sé le moltaíó Fhoras na Gaeilge atá sa tSamhail Nua Mhaoinithe, moltaí a dhéanann neamhaird iomlán ar an saineolas, seantaithí agus bonneagar atá forbartha ag na heagraíochtaí Gaeilge le níos mó na 100 bliain anuas; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [30045/11]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 287: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sé ar an eolas faoin dréachtmholadh sa tSamhail Nua Mhaoinithe a d'fhoilsigh Foras na Gaeilge ar a shuíomh gréasáin ar an 3 Deireadh Fómhair a chuireann iachall ar na heagraíochtaí a n-éiríonn leo scéimeanna a bhaint amach i Samhail Nua Mhaoinithe Fhoras na Gaeilge scaoileadh lena bhfoirne reatha, iomarcaíocht a íoc leo agus iad a athfhostú, máéiríonn leo sna hagallaimh, ar théarmaí agus ar choinníollacha níos lú fabhar ná mar atá acu faoi láthair; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [30046/11]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 288: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sé ar an eolas nach luaitear comórtas Ghlór na nGael, féile idirnáisiúnta Sheachtain na Gaeilge, clubanna náisiúnta Chumann na bhFiann, craobhacha agus coistí Chonradh na Gaeilge agus Comhluadar agus a lán eile a bhaineann le bonneagar phobal na Gaeilge sa tSamhail Nua Mhaoinithe atá curtha le chéile ag Foras na Gaeilge; agus an dtacaíonn sé le Foras na Gaeilge ag déanamh neamhaird iomlán ar an obair seo agus eile; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [30047/11]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimhreacha 286, 287 agus 288 le chéile.

Ag cruinniú den Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas ar 12 Deireadh Fómhair, nótáladh an dul chun cinn atá déanta ag Foras na Gaeilge go dtí seo i ndáil le punann dréacht-scéimeanna a ullmhú don tsamhail mhaoinithe iomaíoch nua, a bhfuil sé mar sprioc aici tairbhí suntasacha luach ar airgead a bhaint amach agus dualgais reachtúla Fhoras na Gaeilge a chomhlíonadh go héifeachtach.

Iarradh ar Fhoras na Gaeilge roinnt céimeanna a thógáil chun an próiseas athbhreithnithe a thabhairt chun cinn, eadhon:

· tréimhse bhreise chomhairliúcháin 12 seachtain a chur ar fáil i ndáil le punann na ndréacht-scéimeanna, go háirithe leis na heagraíochtaí bunmhaoinithe;

· a chinntiú go dtabharfar deis do chomhlachtaí reachtúla bainteacha an tionchar a bheidh ag na dréacht-scéimeanna ar a réimsí feidhmiúcháin a bhreithniú;

· an punann dréacht-scéimeanna a leasú de réir mar is gá agus mar is cuí, ag féachaint don phróiseas comhairliúcháin leathnaithe;

· cás gnó mionsonraithe a ullmhú, le cúnamh neamhspleách más gá, chun tacú le punann na ndréacht-scéimeanna;

· plean tionscadail athbhreithnithe a ullmhú, i gcomhar leis na Ranna Urraíochta, a thabharfaidh aird mar is cuí ar chur i gcrích an phróisis athbhreithnithe mar bheart práinne; agus

· tuarascáil eile ar an dul chun cinn a sholáthar don chéad chruinniú eile den Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas i mí Feabhra seo chugainn.

I bhfianaise na gcinntí sin, tuigfidh an Teachta nach mbeadh sé cuí domsa a bheith ag tabhairt mo bhreithiúnais maidir leis an samhail mhaoinithe nua i láthair na huaire.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.