Written answers
Tuesday, 18 October 2011
Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs
Fógairt Reachtaíochta
9:00 pm
Peadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Question 276: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén uair a bhfuil sé i gceist aige Bille nua maidir le hÚdarás na Gaeilge a thabhairt os comhair na Dála; an bhfuil sé i gceist próiseas comhairliúcháin a thosú sna ceantair Ghaeltachta ar fad; agus idir an dá linn an bhfuil sé sásta Príomh-Fheidhmeannach nua a cheapadh. [30174/11]
Jimmy Deenihan (Kerry North-West Limerick, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Ar 31 Bealtaine 2011, thóg an Rialtas na cinntí seo a leanas maidir le struchtúr agus feidhmeanna Údarás na Gaeltachta:
- go mairfidh an status quo maidir le feidhmeanna reatha Údarás na Gaeltachta go ginearálta, a chuid feidhmeanna fiontraíochta san áireamh, faoi réir:
(a) foráil reachtúil a dhéanamh chun cumhacht a thabhairt don Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta treoir a thabhairt don Údarás a chuid acmhainní teoranta a infheistiú in earnálacha fiontraíochta ar leith; agus
(b) meicníocht a fhorbairt chun go mbeidh Údarás na Gaeltachta in ann comhoibriú le háisíneachtaí fiontraíochta eile, ach go háirithe i gcás tograí suntasacha Gaeltachta a bhfuil poitéinseal ard acu.
- go mbeidh an fhreagracht maidir le forfheidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge laistigh den Ghaeltacht ar Údarás na Gaeltachta; agus
- go ndéanfar foráil faoin mBille Gaeltachta atá beartaithe chun bord an Údaráis a laghdú go suntasach agus chun deireadh a chur leis an riachtanas do thoghcháin do bhord an Údaráis.
Tá na Cinn don Bhille Gaeltachta a thabharfaidh feidhm do na cinntí seo, de réir mar is cuí, dréachtaithe ag mo Roinn agus táthar ag súil na dréacht-Chinn a chur faoi bhráid an Rialtais go luath. Tá an Bille Gaeltachta le foilsiú in 2012, de réir chlár reachtaíochta an Rialtais.
Tá próiseas comhairliúcháin cuimsitheach curtha i gcrích ag mo Roinn le blianta beaga anuas i ndáil le hullmhú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge. Ar ndóigh, beifear ag dul i gcomhairle le pobal na Gaeltachta, agus leis an bpobal i gcoitinne, ag amanna cuí de réir mar a bheidh bearta éagsúla na Straitéise á gcur i bhfeidhm.
Tá céimeanna sa treis ag mo Roinn chun cead na Roinne Caiteachais Poiblí agus Athchóirithe a fháil chun príomhfheidhmeannach buan a cheapadh ar Údarás na Gaeltachta.
No comments