Written answers

Thursday, 13 October 2011

Department of Education and Skills

Curaclam Scoile

2:00 pm

Photo of Maureen O'SullivanMaureen O'Sullivan (Dublin Central, Independent)
Link to this: Individually | In context

Question 67: To ask the Aire Oideachais agus Scileanna maidir leis an 50% - 60% den obair a dhéanfaidh na daltaí trí phunann scoilbhunaithe, an ndéanfar meastóireacht ar an nGaeilge mar atá molta d'ábhair áirithe faoin gcóras nua don Teastas Sóisearach; má dhéantar, an bhfuil sé i gceist scrúdú cainte a chur san áireamh sa phunann, rud a chuirfeadh go mór le foghlaim na Gaeilge inár scoileanna; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [29451/11]

Photo of Ruairi QuinnRuairi Quinn (Dublin South East, Labour)
Link to this: Individually | In context

Táim díreach tar éis comhairle na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) a fháil faoi leasúchán ar an Teastas Sóisearach. Doiciméad creatlaí é seo agus níl aon mhionsonraí suntasacha ann i dtaobh na sonraíochtaí d'ábhair aonair.

Táim tar éis tosú ar chomhairle na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta a bhreithniú agus níl aon chinneadh deiridh déanta agam go fóill faoi fheidhmiú. Is í comhairle na CNCM ná go measúnófar gach aon ábhar trí scrúdú scríofa a cheapfaidh agus a mharcálfaidh Coimisiún na Scrúduithe Stáit, agus trí phunann, de réir mionteagaisc a bheidh ceaptha ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit, ach a bheidh marcáilte ag an múinteoir ranga agus modhnaithe go seachtrach ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit. Beidh na socruithe mionsonraithe i gcomhair gach aon ábhair le scrúdú trí struchtúir chomhairleacha na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, de réir an ghnáthchleachtais.

Mar is eol don Teachta, áfach, is fiú anois 40% de na marcanna sa Ghaeilge don Ardteistiméireacht an bhéaltriail sa Ghaeilge. Is fiú chomh maith 40% de na marcanna iomlána an bhéaltriail dheonach sa Ghaeilge don Teastas Sóisearach, áit a fheidhmíonn an scoil í. Is aidhm lárnach oideachasúil athrú suntasach béime i dtreo na Gaeilge mar theanga labhartha, inar féidir le micléinn comhchaidreamh agus idirghníomhú a bheith acu lena chéile go nádúrtha, agus ina labhraítear an Ghaeilge gach lá insna scoileanna. Bheinn ag súil go gcuirfeadh aon athrú a bheidh ann an próiseas seo chun cinn a thuilleadh. Fanfaidh mé, áfach, ar chomhairle na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta maidir leis an leasúchán ar shiollabas na Timthrialla Sóisearaí in am tráth sula ndéanfaidh mé cinneadh ar bith faoin gceist seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.