Written answers

Thursday, 13 October 2011

Department of Justice, Equality and Defence

An Seirbhís Chúirteanna

2:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 150: To ask the Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais cén treoir ata tugtha aige don tSeirbhís Chúirteanna maidir le seirbhís chúirte a chur ar fáil sa Ghaeltacht; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [29376/11]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 151: To ask the Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais an bhfuil aon eolas tugtha aige don tSeirbhís Chúirteanna maidir le tithe cúirte atá i gceist acu a dhúnadh agus má tá, an bhfuil Cúirt Dhoire an Fhéich ina measc; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [29377/11]

Photo of Alan ShatterAlan Shatter (Dublin South, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 150 agus 151 le chéile.

Iarraim ar an Teachta féachaint ar an bhfreagra a thug mé ar Cheisteanna 277, 278 agus 279, ar an 21 Meitheamh 2011, ina ndúirt mé. Is ceart dom a chur in iúl don Teachta, cé nach bhfuil amhras ar bith ná go bhfuil an Teachta ar an eolas faoi seo, go bhfuil an tSeirbhís Chúirteanna, faoi fhorálacha alt 5 den Acht um Sheirbhís Chúirteanna 1998, freagrach go neamhspleách as foirgnimh chúirte a sholáthar, a bhainistiú agus a chothabháil. Chuireas fiosrúcháin á ndéanamh, áfach, agus tá curtha in iúl dom go gcuirtear seirbhísí trí mheán na Gaeilge ar fáil faoi láthair sa teach cúirte i nDoire an Fhéich, Casla, Conamara, Co. na Gaillimhe. Suíonn an chúirt uair sa mhí agus dhéileáil sí le 607 cás i rith 2010.

Tá curtha in iúl dom thairis sin go bhfuil athbhreithniú eagrúcháin agus éifeachtúlachta á dhéanamh ag an tSeirbhís Chúirteanna ar a cuid oibríochtaí ar fud na tíre, agus é mar chuspóir ar leith ag an athbhreithniú sin a chinntiú gur féidir seirbhísí líne tosaigh a choinneáil sna cúinsí atá ann faoi láthair.

Tá dearbhaithe ag an tSeirbhís Chúirteanna go bhfuil teach cúirte Dhoire an Fhéich, agus áiseanna agus oibríochtaí coimhdeacha an tí cúirte sin, san áireamh san athbhreithniú réamhluaite sin. Táthar tar éis a dheimhniú dom go bhfuil gach rogha atá ar fáil á breithniú mar chuid den athbhreithniú agus go dtuigeann an tSeirbhís ach go háirithe go bhfuil Doire an Fhéich suite i limistéar Gaeltachta agus go ndéanfar é sin a bhreithniú go cuí i gcúrsa an athbhreithnithe.

Tá curtha in iúl dom go bhfuil beann ag an tSeirbhís Chúirteanna ar a cuid oibleagáidí faoi alt 8 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Glacann an tSeirbhís Chúirteanna cúram chun a chinntiú go gcuirtear seirbhísí cúirteanna ar fáil sa phríomhtheanga oifigiúil i gcás ina gcuireann aon pháirtí in aon imeachtaí cúirte in iúl gur mian leis nó léi a cheart nó a ceart a fheidhmiú maidir leis sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.