Written answers

Thursday, 29 September 2011

Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs

Seirbhísí Iompair

5:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 127: To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén uair a bhí an cruinniú deiridh de Choiste Monatóireachta na Seirbhísí Iompair go hOileáin Árann ann; cén uair a bheidh an chéad chruinniú eile den choiste ann; cad iad ainmneacha na n-ionadaithe atá ar an gCoiste ó na trí oileán; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [26846/11]

Photo of Jimmy DeenihanJimmy Deenihan (Kerry North-West Limerick, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Bhí cruinniú idir oifigigh mo Roinnse agus ionadaithe ó na hOileáin Árann maidir le seirbhísí iompair ar 19 Bealtaine 2011. Is iad bainisteoirí na gcomharchumann ar Oileáin Árann atá ar an gCoiste Monatóireachta. Bhí na bainisteoirí i láthair ag an gcruinniú seo seachas i gcás Inis Meáin. Mar is eol don Teachta, níl aon chomharchumann ag feidhmiú ar Inis Meáin i láthair na huaire. Níl dáta socraithe ag an bpointe seo don chéad cruinniú eile ach tá mo Roinnse i dteagmháil rialta leis na páirtithe leasmhara uile maidir le seirbhísí iompair do na hOileáin Árann.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.