Written answers

Thursday, 29 September 2011

Department of Transport, Tourism and Sport

Bóithre Réigiúnacha

5:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 221: To ask the Aire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt cén dul chun cinn atá déanta maidir le dearadh an Bóthar Nua R336 go Conamara ó dheireadh an Chuarbhóthair timpeall ar Ghaillimh, atáá phleanáil, go Scríb; cén uair a bheadh súil aige go mbeadh an bóthar seo tógtha; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [26847/11]

Photo of Leo VaradkarLeo Varadkar (Dublin West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tá feidhm reachtúil ar gach údarás bóthair bóithre réigiúnacha agus áitiúla a fheabhsú agus a chothabháil ina limistéar de réir fhorálacha alt 13 d'Acht na mBóithre, 1993. Is ábhar é don údarás áitiúil iomchuí oibreacha ar bhóithre den chineál seo, maoiniú a chur ar fáil as a cuid acmhainní féin agus forlíonta le deontais bóthair an Stáit. Is ceist í don údarás áitiúil freisin rogha tosaigh agus ord tosaíochta na dtionscadal atá le maoiniú.

Tá iomlán de € 439,676,000 curtha ar fáil do na húdaráis áitiúla faoin gClár Infheistíochta um Bóithre Réigiúnacha agus Áitiúla. Tá iomlán de € 24,319,000 curtha ar fáil ón tsoláthar seo do Chomhairle Chontae na Gaillimhe. Curtha san áireamh san méid iomlán seo tá leithdháileadh breise de € 3,381,000, a chuireadh ar fáil i Mí Bealtaine do Chomhairle Chontae na Gaillimhe mar chuid den Tionscnamh Post. Comh maith le sin tá maoiniú de € 500,000 don R336 (Bóthar Rochtana Chonamara ó Bhearna go Ros a Mhíl).

Chuir an t-údarás áitiúil doiciméad i dtoll a chéile le hinnealtóirí comhairligh TSC agus leis an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra chun cás a dhéanamh maidir leis an R336 ó Bhearna go Scríb a thógáil agus é ag dul tré chuid den cSAC eadhon Coimpléasc Portaigh Chonamara. Bhí cruinniú le hoifigigh an Choimisiúin an AE ar an ábhar seo i Mí Bealtaine na bliana seo.

Tá an scéim fós ag céim an roghnú bealaigh agus dhá bhealach nua faoi inniúchadh ag an gcomhairle leis an bfhéidearthacht maidir le bóthar atá ann cheana féin a uasghrádú. Tá súil acu go mbeidh tuilleadh comhairliúcháin phoiblí maidir leis an mbealach a roghnofar níos déanaí san Fhómhar.

Tá athbhreithniú cuimsitheach ar chaitheachas caipitil ar siúl faoi láthair agus beidh na torthaí mar bhunús do Phlean Forbartha Náisiúnta Nua. Beidh réaltachtaí nua maoinithe comh maith curtha san áireamh san athbhreithniú. Beidh tosaíocht mhór ar mhaoiniú a chinntiú maidir le infheistíocht a rinneadh go dtí seo a chosaint agus a choimead ar bun agus chun caighdeáin sábháilteachta a choimeád ar bun comh maith. Ní dhéanfar aon chinneadh ar leithdháiltí maoinithe go dtí go mbeidh an t-athbhreithniú chaipitil criochnaithe agus go mbeidh eolas ar fáil faoi bhuiséad na Roinne.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.