Written answers

Wednesday, 14 September 2011

Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs

Maoiniú Ranna

9:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 461: To ask the Aire Gaeltacht Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige airgead pleanála teanga a chur ar fáil do na comharchumainn Ghaeltachta i 2012 faoin Straitéis Fiche Bliain don teanga; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [23492/11]

Photo of Jimmy DeenihanJimmy Deenihan (Kerry North-West Limerick, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Mar is eol don Teachta, tá sé ráite sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 go mbeidh forbairt córas cuimsitheach pleanála teanga ag leibhéal an phobail sa Ghaeltacht ag croílár na Straitéise. Faoin bpróiseas pleanála teanga sin, tá i gceist go ndéanfar plean teanga a ullmhú ag leibhéal an phobail do gach ceantar Gaeltachta. Is cinnte go mbeidh ról lárnach ag na heagraíochtaí pobalbhunaithe sa Ghaeltacht sa phróiseas sin.

Tá obair ar Bhille Gaeltachta, a thabharfaidh stádas reachtúil don phróiseas pleanála teanga, á cur chun cinn ag mo Roinnse i láthair na huaire agus táthar ag súil go mbeidh an reachtaíocht sin foilsithe roimh dheireadh na bliana, ag brath ar chlár reachtaíochta an Rialtais.

Mar a thuigfidh an Teachta, níl ar chumas mo Roinne an soláthar airgid a chuirfear ar fáil do na cúrsaí seo uile an bhliain seo chugainn a shonrú go dtí go mbeidh cinntí déanta sa Cháinaisnéis faoi na Meastacháin do 2012. San idirlinn, tá mo Roinn ag breathnú ar an gcur chuige is éifeachtaí chun córas pleanála teanga a fhorbairt go céimnitheach sa Ghaeltacht, i gcomhthéacs inar féidir a bheith ag súil leis go mbeidh acmhainní teoranta airgeadais ar fáil sa tréimhse amach romhainn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.