Written answers

Thursday, 21 July 2011

Department of Agriculture, Marine and Food

Chuanta Iascaigh

7:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 583: To ask the Aire Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia an bhfuil i gceist táillí páirceála a ghearradh ar oileánaigh ag an gclós páirceála de chuid na Roinne i Ros an Mhíl ó tharla nár gearradh táillí ar oileánaigh go dtí seo agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [22370/11]

Photo of Simon CoveneySimon Coveney (Cork South Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tá mo Roinn freagrach as na sé Lárionad Chuan Iascaigh a bhainistiú agus a fhorbairt, lena n-áirítear Lárionad Chuan Iascaigh Ros an Mhíl.

Is féidir liom a dheimhniú go ndearna mo Roinn infheistíocht le déanaí in uasghrádú na háise carrchlóis ag Lárionad Chuan Iascaigh Ros an Mhíl agus tá sé soiléir go bhfuil freagracht ar mo Roinn an toradh is mó is féidir a fháil ar an infheistíocht sin. Tá an bealach iomchuí chun úsáid na háise sin a bhainistiúá mheas faoi láthair.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 584: To ask the Aire Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia cé na socruithe atáá ndéanamh lena chinntiú go mbeidh daoine i gcathaoireacha rothaí in ann dul ar gach seoladh ó Ros an Mhíl go dtí Oileáin Árann; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [22371/11]

Photo of Simon CoveneySimon Coveney (Cork South Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tá na pontúin ag Lárionad Chuan Iascaigh Ros an Mhíl i bhfeidhm ó 10ú Bealtaine 2011 agus baineann na seirbhísí farantóireachta uile chuig Oileáin Árann úsáid as na pontúin nua. Ní bhíonn aon deacrachtaí ag paisinéirí cathaoireacha rotha ag gabháil do na pontúin nó ag teacht uathu ar an bpríomhdheic ag an Lárionad Chuan Iascaigh. De bharr shaorbhord íseal na n-árthaí agus toisc go bhfuil leibhéal phríomhdheic an phontúin beagnach ar comhairde leis na doirse isteach do phaisinéirí ar an árthach, bíonn rochtain éasca ag paisinéirí atá faoi mhíchumas luaineachta ar na hárthaí. Deimhnítear leis an bpontún snámha go mbíonn an scéal mar sin i gcónaí mar ardaíonn agus titeann an t-árthach agus an pontún araon de réir na dtaoidí.

Ba cheart dom a lua áfach, go bhfuil an Roinn Iompair freagrach as báid farantóireachta do phaisinéirí agus as sábháilteacht mhuirí. Tuigim go raibh Oifig Suirbhéireachta Muirí na Roinne Iompair i dteagmháil le hoibreoir an bháid fharantóireachta i Ros an Mhíl maidir le hábhair imní dóibh i leith na n-áiseanna ar an mbád farantóireachta chun paisinéirí i gcathaoireacha rotha a iompar.

Tá an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta a thugann an fóirdheontas maidir le paisinéirí a iompar go dtí Oileáin Árann ar an eolas faoi na hábhair atá ina gcúiseanna imní don Roinn Iompair maidir le háiseanna ar an mbád farantóireachta do phaisinéirí i gcathaoireacha rotha. Chuaigh siad i dteagmháil le hoibreoir an bháid fharantóireachta d'fhonn réiteach a aithint ar na hábhair imní a thug an Oifig Suirbhéireachta Muirí chun cinn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.