Written answers

Thursday, 21 July 2011

Department of Environment, Community and Local Government

Forbairt na Gaeltachta

7:00 pm

Photo of Brian StanleyBrian Stanley (Laois-Offaly, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 450: To ask the Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil cad é an plean atá ag an Rialtas le haghaidh Mheitheal Forbartha na Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [21791/11]

Photo of Phil HoganPhil Hogan (Carlow-Kilkenny, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tá 36 grúpaí gníomhaíochta áitiúla conraithe ag mo Roinn ar fud na tíre chun seachadadh a dhéanamh ar an gClár Forbartha Tuaithe 2007-2013.Tá chuile grúpa atá conraithe ag déanamh seachadadh ar an gclár sin bunaithe ar thuairisc gnó a d'ullmhaigh siad mar chuid den próiséas roghnúcháin.Is comhlachtaí teoranta príobháideach iad na grúpaí seo agus mar sin níl ról ar bith ag mo Roinn i struchtúr nó feidhmiú na grúpaí seo seachas cinntiú go bhfuil said ag déanamh cur i bhfeidhm éifeachtach agus éifeachtúil ar an gClár Forbartha Tuaithe de réir na rialacha agus rialachán ábhartha. Is iad Meitheal Forbhartha na Gaeltachta an grúpa atá conraithe chun seachadadh a dhéanamh ar an gclár sa Ghaeltacht.

Déanann an-chuid de na grúpaí seo, ina measc MFG, seachadadh ar an gClár Forbartha Áitiúil agus Pobail ar son mo Roinn. Rinne Pobal ceapadh ar feidhmeannach neamhsplách ar son mo Roinn chun scrúdú a dhéanamh ar cheisteanna a ardaíodh ach atá fós gan réiteach in iniúchadh a rinne Pobal ar ghníomhaíochtaí Clár Forbartha Áitiúil agus Pobail MFG. Tá an feidhmeannach neamhsplách ag plé leis na ceisteanna atá gan réiteach agus ag iarraidh meicníochtaí feiliúnach a aitheant chun iad a réiteach. Tá súil le tuairisc dheiridh an fheidhmeannach faoi dheireadh Mí Meán Fómhair 2011. Cuirfear faoi bhráid Bord Pobal ansin é agus cuirfear moltái i leith na tuairisce in iúl do mo Roinn.

Os rud é gurb iad MFG an grúpa atá conraithe le mo Roinn chun seachadadh a dhéanamh ar an gClár Forbartha Tuaithe agus ar an gClár Forbartha Pobail agus Áitiúil sa Ghaeltacht, leanfaidh mo Roinn ar aghaidh ag obair leis an gcomhlacht sa chomhthéacs sin, ag cur san áireamh tuairisc an Fheidhmeannach neamhsplách nuair a dhéantar cur faoi bhráid ar an dtuairisc i Mí Meán Fómhair. Lasmuigh de seo níl pleananna ar bith eile ag mo Roinn do MFG.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.