Written answers

Thursday, 21 July 2011

Department of Justice, Equality and Defence

Oifig na nOibreacha Poiblí

7:00 pm

Photo of Timmy DooleyTimmy Dooley (Clare, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 247: To ask the Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe an mbeidh fáil ar threoraithe a bhfuil Gaeilge acu ag formhór na láithreán staire faoi stiúir Oifig na nOibreacha Poiblí (OOP) a bheidh ar oscailt agus saorchead isteach iontu ar an gcéad Chéadaoin den mhí, de réir fhógair (sonraí tugtha) ar an 6 Iúil 2011. [22070/11]

Photo of Brian HayesBrian Hayes (Dublin South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Faoi Scéim Teanga Oifig na nOibreacha Poiblí 2007-2010, déanann Seirbhísí Cuairteoirí seirbhís duine aonair as Gaeilge a sheachadadh ag Dún Aonghusa, Ionad an Bhlascaoid Mhóir agus Teach an Phiarsaigh.

Is trí mheán na Gaeilge a dhéantar na seirbhísí ag na láithreáin sin a sheachadadh go príomha agus tá na Treoraithe atá ag obair ag na láithreáin sin líofa sa Ghaeilge agus is féidir leo plé le haon riachtanais Ghaeilge a thiocfadh chun cinn. Is í an Ghaeilge an teanga oibre laethúil sna limistéir feidhme sin.

Seachas na trí láithreán liostaithe sin {Dún Aonghusa, Ionad an Bhlascaoid Mhóir agus Teach an Phiarsaigh}, ní chuireann Seirbhísí Cuairteoirí seirbhís treoraithe ar fáil as Gaeilge faoi láthair ag Láithreáin Oidhreachta eile atá faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí.

In aon chás go bhfaightear iarratas sonrach, áfach, chun turas treoraithe a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge ag aon cheann de láithreáin OOP nach bhfuil an Ghaeilge ina teanga oibre laethúil ann, beidh áthas ar OOP freastal ar an iarratas sonrach sin fad is a thugtar dóthain fógra.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.