Written answers

Thursday, 21 July 2011

Department of Education and Skills

An Teanga Gaeilge

7:00 pm

Photo of Seán Ó FearghaílSeán Ó Fearghaíl (Kildare South, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 162: To ask the Aire Oideachais agus Scileanna an bhfuil plean aige faoi na hábhair múinteoirí a bhíonn ag freastal ar chúrsaí sa Ghaeltacht; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [21806/11]

Photo of Ruairi QuinnRuairi Quinn (Dublin South East, Labour)
Link to this: Individually | In context

Mar is eol duit, tá an rochtain ar ghairm na múinteoireachta i scoileanna aitheanta na hÉireann rialáilte. Is í an Chomhairle Mhúinteoireachta an tÚdarás sainithe atá inniúil an ghairm a rialáil agus caighdeáin a leagan síos d'oideachas múinteoirí. Tar éis phróisis fhada comhairlithe, d'fhoilsigh an Chomhairle le déanaí Policy on the Continuum of Teacher Education ó oideachas tosaigh múinteora go dtí Forbairt Leanúnach Ghairmiúil. Feictear don Chomhairle go bhfuil tábhacht eochrach ag baint le comhtháthú na n-eilimintíéagsúla d'oideachas múinteora.

Áiríonn an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 líon áirithe bearta a bhaineann le oideachas múinteoirí, ina measc clár sainithe múinteoireachta teanga a thabhairt isteach, agus fadú ar an am teagaisc agus freastal ar chúrsaí Gaeltachta d'ábhair mhúinteora.

Bunaíodh meitheal oibre le déanaí faoi choimirce na Roinne Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta chun na céimeanna is gá chun an straitéis a chur i bhfeidhm thar an tréimhse 20 bliain a fháil amach agus a chomhaontú. Caithfear infhaighteacht na n-acmhainní a chur san áireamh sa phróiseas feidhmithe chomh maith.

Tá an Rialtas seo tiomanta do thacaíocht a thabhairt d'éirim na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 trí chéile agus cuirfidh sé i gcrích na haidhmeanna agus na spriocanna atá beartaithe áit gur féidir iad a bhaint amach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.