Written answers

Tuesday, 19 July 2011

Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs

Acht na dTeangacha Oifigiúla

10:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 302: To ask the Aire Gaeltacht Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige Acht na dTeangacha Oifigiúla a leasú chun fáil réidh leis an ngá Achtanna a fhoilsiú go comhuaineach i nGaeilge agus i mBéarla, mar go bhfuil an chuma ar an scéal gur polasaí úr Rialtais anois é go mbeidh na forálacha a théann leis sin á gcur i leataobh go rialta i gcás Achtanna úra Rialtais; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [20725/11]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Faoi mar is eol don Teachta, tá leasú ar alt 7 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 foilsithe faoin mBille um an Dlí Sibhialta (Forálacha Ilghnéitheacha) 2011, atá á phlé sa Dáil faoi láthair. Is foráil theicniúil atá i gceist leis an leasú seo ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, a chiallaíonn gur féidir leagan d'Achtanna Oireachtais a fhoilsiú ar an idirlíon i dteanga oifigiúil amháin sula ndéantar iad a chló agus a fhoilsiú go comhuaineach sa dá theanga oifigiúla.

Tá an fhoráil seo riachtanach chun a chinntiú go mbeidh rochtain ar Achtanna Oireachtais chomh luath agus is féidir tar éis iad a bheith sínithe ag an Uachtarán. Ní athraíonn an fhoráil seo ar aon bhealach an dualgas reachtúil maidir le cló agus foilsiú Achtanna Oireachtais go comhuaineach sa dá theanga oifigiúla i gcomhréir le halt 7 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Ní miste a lua go mbeidh athbhreithniú á dhéanamh ag mo Roinn ar Acht na dTeangacha Oifigiúla i gcomhréir leis an ngealltanas atá sonraithe i gClár an Rialtais. Tá na céimeanna tosaigh le dlús a chur leis an athbhreithniú sin á dtógáil faoi láthair, ar a n-áirítear téarmaí tagartha sonracha a dhréachtú, a thógfaidh san áireamh stádas na Gaeilge sa Bhunreacht, spriocanna na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus na bealaí is éifeachtaí chun seirbhísí an Stáit a sholáthar don phobal trí mheán na Gaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.