Written answers
Tuesday, 5 July 2011
Department of Foreign Affairs and Trade
Comhaontú Aoine an Chéasta
9:00 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Question 98: To ask the Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála cén fáth nach bhfuil príosúnach atáá choinneáil i bpríosún Mhaigh gCabraí i Lios na gCearrbhach, Contae Aontroma clúdaithe faoi shocruithe Chomhaontú Aoine an Chéasta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh [18327/11]
Eamon Gilmore (Dún Laoghaire, Labour)
Link to this: Individually | In context
Baineann forálacha Chomhaontú Aoine an Chéasta faoi scaoileadh saor príosúnaigh le daoine a ciontaíodh cheana i gcionta a déanadh roimh 1998. Ní bhaineann na forlálacha seo le daoine nach raibh fós ciontaíthe nó daoine a dhéan cionta tar éis an dáta sin.
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Question 99: To ask the Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála an bhfuil aon achainí déanta aige féin nó ag a Roinn go scaoilfí saor ar chúinsí daonnachta príosúnach atáá choinneáil i príosún Mhaigh gCabraí i dTuaisceart Éireann agus a bhfuil drochshláinte air, agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [18328/11]
Eamon Gilmore (Dún Laoghaire, Labour)
Link to this: Individually | In context
Tá eolas agam ar an gcás luaite ag an dTeachta. Tuigim go bhfuil an príosúnach atá i gceist tar éis imeachtaí dlí a thionscnamh chun scaoileadh níos luaithe a fháil. Toisc an t-ábhar a bheith os comhair na gcúirteanna, bheadh sé neamhfhóirsteanach dom níos mó a rá ach amháin go leanann oifigigh mo Roinne d'fhaireachán a dhéanamh ar an gcás.
No comments