Written answers
Tuesday, 5 July 2011
Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs
Caiteachas Ranna
9:00 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Question 392: To ask the Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén méid airgid atá ar fáil ag a Roinn in 2011 do scéimeanna-caiteachas caipitiúil, arna bhriseadh síos de réir gach fomhíre de na meastacháin, agus an caiteachas go dáta, arna bhriseadh síos ar an gcaoi chéanna; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [18834/11]
Jimmy Deenihan (Kerry North-West Limerick, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Tá liosta des na liúntais caipitil fé gach fo-mhír do Vóta mo Roinne le fáil sna Meastacháin Athbhreithnithe la haghaidh Seirbhisí Poiblí 2011.
Is mian liom a chur in iúl don Teachta go bhfuil na liúntaisí fé fo-mhíreanna don Ghaeilge agus don Ghaeltacht agus fén fo-mhír do Chomhoibriú Thuaidh-Theas bainteach leis an tréimhse ó 1 Bealtaine go dtí 31 Nollaig 2011.
Baineann caiteachas don tréimhse ó 1 Eanair go dtí 30 Aibreán 2011 leis na meastacháin do Vóta 27, An Roinn Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.
Is é an soláthar caipitil do Vóta mo Roinne ná €54.567m. Tá sonraí an chaiteachais fé na fo-mhíreanna éagsúla agus faoin chaiteachas go dáta le fáil sa tábla thíos.
Ar mhaithe le cruinneas, leiríonn an tábla chomh maith an soláthar caipitil don bhliain iomlán i gcóir na bhfo-mhíreanna a bhaineann leis An Ghaeilge agus An Ghaeltacht agus le Comhoibriú Thuaidh-Theas, i dteannta leis an solathar fé Vóta 27 agus an caiteachas faoin dá Vóta ó 1 Eanair go dtí deireadh mhí an Mheithimh 2011.
Leithdháileadh Caipitil 2011 agus caiteachas go dtí deireadh Meitheamh 2011
Fo-Mhírcheann | Leithdháileadh Caipitil | Caiteachas go dtí deireadh Mheithimh | |
€000 | €000 | ||
A.5 | Trealamh Oifige agus Seirbhísí Seachtracha TF | 404 | 88 |
Na hEalaíona agus Cultúr | |||
B.2 | An Chartlann Náisiúnta | 400 | 0 |
B.3 | Áras Nua-Ealaíne na hÉireann, Leabharlann Chester Beatty, An Ceoláras Náisiúnta agus Dánlann Crawford | 1,500 | 751 |
B.5 | Bonneagar Cultúrtha agus Forbairt | 7,800 | 3,762 |
B.7 | An Chomhairle Ealaíon | 850 | 300 |
B.8 | Ard-Mhúsaem na hÉireann | 2,000 | 658 |
B.9 | Leabharlann Náisiúntana hÉireann | 1,000 | 0 |
B.10 | Bord Scannán na hÉireann | 16,000 | 5,000 |
Fo-Iomlán | 29,550 | 10,471 | |
Oidhreacht | |||
C.1 | An Chomhairle Oidhreachta | 3,000 | 927 |
C.2 | Oidhreacht Thógtha | 2,005 | 211 |
C.3 | Oidhreacht Nádúrtha (An tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra) | 5,534 | 1,335 |
Fo-Iomlán | 10,539 | 2,473 |
Fo-Mhírcheann | Leithdháileadh Caipitil-Vóta 35 | Caiteachas go dtí deireadh Meitheamh - Vóta 35 | Leithdháileadh Caipitil don bhliain iomlán-Vóta 35 agus Vóta 27 | Iomlán Caiteachas go dtí deireadh Meitheamh Vóta 35 agus Vóta 27 | |
€000 | €000 | €000 | €000 | ||
An Ghaeilge agus an Ghaeltacht | |||||
D.1 | Scéimeanna Tacaíochta na Gaeltachta | 1,961 | 274 | 2,500 | 813 |
D.2 | Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge | 84 | 0 | 100 | 16 |
D.7 | Údarás na Gaeltachta | 5,500 | 0 | 6,000 | 500 |
D.8 | Na hOileáin | 2,778 | 762 | 3,700 | 1,684 |
Fo-Iomlán | 10,323 | 1,036 | 12,300 | 3,013 | |
Comhoibriú Thuaidh-Theas | |||||
E.2 | Uiscebhealaí Éireann | 3,751 | 0 | 6,000 | 2,249 |
No comments