Written answers

Thursday, 30 June 2011

Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs

Coiste Idir-Rannach

5:00 am

Photo of Dessie EllisDessie Ellis (Dublin North West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 128: To ask the an Aire Ealaíon; Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfoilseoidh sé ainmneacha na ndaoine a d'fhreastail ar an gcruinniú den fhochoiste idir-rannach ar an nGaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [17993/11]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Glacaim leis go bhfuil an Teachta ag tagairt don Choiste Rialtais don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Dírím aird an Teachta ar mo fhreagra ar Cheisteanna Uimh. 28 agus 110 den 22 Meitheamh 2011 a léirigh gur athbhunaíodh an Coiste sin ar 14 Aibreán 2011 faoi chathaoirleacht an Taoisigh. Is iad na baill ná an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta; mé féin mar Aire Stáit sa Roinn sin; an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe; an tAire Oideachais agus Scileanna; an tAire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádurtha; agus an tAire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil. Tá an Coiste tagtha le chéile faoi dhó ó athbhunaíodh é agus d'fhreastal na hAirí a bhí ar fáil ar na cruinnithe mar aon leis na hoifigigh a thacaíonn leo ina gcuid oibre.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.