Written answers

Tuesday, 28 June 2011

Department of Justice, Equality and Defence

Athbhreithniú Fórsaí Cosanta

8:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 394: To ask the an Aire Cosanta an bhfuil aon ordú tugtha aige i leith An Chéad Chathláin Coisithe nó an bhfuil scaoileadh déanta aige ar an ordú a thug an tIar-Aire ina leith agus an féidir leis deimhniú a thabhairt go gcoinneofar An Chéad Chathlán Coisithe agus go mbeidh sé lonnaithe go hiomlán i nDún Uí Mhaoilíosa, An Rinn Mhór, Contae na Gaillimhe agus nach ndéanfar aon laghdú ar líon na gcomhaltaí ann. [17248/11]

Photo of Alan ShatterAlan Shatter (Dublin South, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Faoi láthair tá oifigigh i mo Roinnse, i gcomhchomhairle le comhghleacaithe míleata, ag déanamh scrúdú ar chaiteachas cosanta mar chuid den athbhreithniú cuimsitheach ar chaiteachas, a d'fhógair an Rialtas le déanaí. Tá treoir tugtha do Ranna na roghanna ar fad atá ann maidir le caiteachas a laghdú a leagan amach lena gcinneadh ag an Rialtas. Níl aon rogha curtha as an áireamh ag an tráth seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.