Written answers

Wednesday, 22 June 2011

Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs

Chruthú Phostaíochta

9:00 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 104: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta de réir tuairisce le Indecon, chun an leibhéal fostaíochta reatha sa Ghaeltacht a chaomhnú, tá gá le buiséad caipitil de bhreis is €12m, tá tograí a bhfuil luach €26m orthu ceadaithe ag an eagraíocht faoi láthair, rud a chiallaíonn go bhfuil gá le €6m sa bhliain le seirbhísiú a dhéanamh air sin, níl measta ag an Roinn ach buiséad caipitil de €6m d'Údarás na Gaeltachta do 2012 agus 2013 agus úsáidfear é sin ar na gealltanais reatha, rud a chiallaíonn nach mbeidh an tÚdarás in acmhainn tograí nua a cheadú ná tacú le poist nua a chruthú, cén cur chuige mar sin atá ag an Aire chun poist a chaomhnú agus a chruthú sa Ghaeltacht sa dá bhliain atá romhainn [13216/11]

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 114: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta i bhfianaise thuairisc Indecon ina ndeirtear go bhfuil gá le buiséad caipitil de bhreis is €12m chun an leibhéal fostaíochta reatha sa Ghaeltacht a chaomhnú; togra a bhfuil luach €26m air a bheith ceadaithe ag an eagraíocht faoi láthair, rud a chiallaíonn go bhfuil gá le €6m sa bhliain le seirbhísiú a dhéanamh air sin; buiséad caipitil de €6m a bheith measta ag an Roinn d'Údarás na Gaeltachta do 2012 agus 2013, ar buiséad é a úsáidfear ar na gealltanais reatha, rud a chiallaíonn nach mbeidh an tÚdarás in acmhainn tograí nua a cheadú ná tacú le poist nua a chruthú; cén cur chuige mar sin atá ag an Aire chun poist a chaomhnú agus a chruthú sa Ghaeltacht sa dá bhliain atá romhainn [16835/11]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tógfaigh mé Ceisteanna 104 agus 114 le chéile.

Is é €6m an tsuim atá curtha ar fáil i Vóta na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta mar sholáthar caipitil d'Údarás na Gaeltachta don bhliain reatha. Anuas ar an tsuim seo, tá sé curtha in iúl ag an Údarás go mbeidh fáil aige ar thuairim is €7.5m eile i mbliana ó dhíol socmhainní agus, ar an mbunús seo, tuigtear dom go bhfuil an tÚdarás in ann leanúint ag ceadú tionscnamh faoi láthair a bheidh dírithe ar fhostaíocht a chruthú sna blianta 2012 agus 2013.

Is i gcomhthéacs phróiseas na Meastachán do 2012 a dhéanfar cinntí sonracha maidir leis an soláthar a bheidh ar fáil don Údarás ón Státchiste an bhliain seo chugainn. Mar is eol don Teach, níl de rogha ag an Rialtas, mar gheall ar chúinsí eacnamaíochta reatha, ach feachaint go géar ar gach uile líne caiteachais stáit faoin Athbhreithniú Caiteachais Cuimsithigh atá ar siúl i láthair na huaire.

É sin ráite, beidh a fhíos ag an Teach seo fosta go bhfuil cinntí sonracha tógtha ag an Rialtas mar gheall ar struchtúr agus fheidhmeanna Údarás na Gaeltachta sa todhchaí. Ag eascairt ó na cinntí sin, a chuirfear i gcrích trí reachtaíocht nua, beidh cumhacht ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta treoir a thabhairt don Údarás a chuid acmhainní teoranta a dhíriú i dtreo earnálacha fiontrachta ar leith. Chomh maith leis sin, deánfar meicníocht á fhorbairt chun go mbeidh Údarás na Gaeltachta in ann comhoibriú níos fear le háisineachtaí forbartha Stáit eile, go háirithe i gcás tograí suntasacha Gaeltachta a bhfuil poiteinseal ard ag baint leo. Ciallóidh an cur chuige seo go mbeidh bealach níos córasaithe ann chun a chinntiú go bhfaighfear an luach is fearr ó thaobh airgid agus cruthú fostaíochta don Ghaeltacht ó na hacmhainní teoranta atá ar fáil don Stát san aeráid eacnamaíoch reatha.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.