Written answers

Wednesday, 22 June 2011

Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs

Scéim na gCúntóirí Teanga

9:00 pm

Photo of Dessie EllisDessie Ellis (Dublin North West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 57: To ask the Minister for Arts, Heritage E alaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta Ealaíon, cén plean atá ag an Aire maidir le Scéim na gCúntóirí Teanga; an féidir leis a dhearbhú go bhfuil an maoiniú atá ann don Scéim slán; an mbeidh an Scéim ag leanúint ar aghaidh mar atá, nó an bhfuil athbhreithniú beartaithe; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [16437/11]

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 107: To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta Ealaíon, maidir le Scéim na gCúntóirí Teanga, cén plean atá ag an Aire don Scéim seo; an féidir a dhearbhú go bhfuil an maoiniú atá ann di slán; an mbeidh sí ag leanúint ar aghaidh mar atá, nó an bhfuil athbhreithniú beartaithe. [13219/11]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tógfaidh mé Ceisteanna 57 agus 107 le chéile.

Mar is eol don Teachta, bunaíodh Scéim na gCúntóirí Teanga i 1999 ar bhonn píolótach chun an Ghaeilge a láidriú mar theanga labhartha i measc aos óg na Gaeltachta agus iompar teanga scoláirí scoile a chur i dtreo na Gaeilge. Íocann mo Roinnse deontais le heagraíochtaí sna réigiúin éagsúla Gaeltachta chun an Scéim a chur i bhfeidh. Suim de €655,236 a bhí i gceist i mbliana.

Faoin Scéim seo, cuirtear cainteoirí líofa Gaeilge chuig scoileanna Gaeltachta chun cuidiú le páistí nach bhfuil an Ghaeilge mar phríomhtheanga acu nó i gcásanna a theastaíonn a thuilleadh cabhrach uathu. Déantar é seo neamhspleách ar an múinteoir ranga le scéalaíocht, rannta, drámaí beaga, cluichí agus a leithéid. Fostaítear suas le 85 cúntóir faoin scéim agus iad ag obair i scoileanna ó cheann ceann na Gaeltachta.

Rinneadh athbhreithniú iomlán ar an scéim i 2003 agus, go deimhin, rinneadh athbhreithniú bliantiúil uirthi ó shin i leith. Ar bhonn ginearálta agus comhthreomhar leis sin, ar ndóigh, tá athbhreithniú cuimsitheach caiteachais ar bun ag gach Roinn Stáit agus cuimseofar san athbhreithniú sin caiteachas iomlán na Roinne sa Ghaeltacht.

Mar is eol don Teachta, tá an córas oideachais, an phleanáil teanga agus ról an teaghlaigh i mbuanú na Gaeilge sa Ghaeltacht sainithe i measc na réimsí gnímh faoi leith atá luaite go sonrach sa Straitéis 20 Bliain Don Ghaeilge 2010-2030. Fearacht gach scéim agus beartais eile a thagann faoi chúram mo Roinne, beidh gá a chinntiú mar chuid de chur i bhfeidhm na Straitéise go dtacaíonn siad ar an mbealach is fearr is féidir leis na tiomantais ábhartha atá déanta sa Straitéis trí chéile.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.