Written answers

Wednesday, 22 June 2011

Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

9:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 54: To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cé hiad na hAirí atá ar an gCoiste Rialtais atá ainmnithe leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur i bhfeidhm; cén taithí atá acu ar a bheith ag plé le ceist na Gaeilge agus na Gaeltachta agus cén teanga a úsáidtear sna cruinnithe; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [16433/11]

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 110: To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta Ealaíon, cén uair atá Coiste Rialtais le hainmniú chun an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur i bhfeidhm; agus cén Cathaoirleach a bheidh air [13222/11]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tógfaidh mé Ceisteanna 28 agus 110 le chéile.

Rinneadh an Coiste Rialtais don Ghaeilge agus don Ghaeltacht a athbhunú ar 14 Aibreán 2011 faoi chathaoirleacht an Taoisigh agus bhí dhá chruinniú aige go dáta.

Is iad baill an Choiste ná an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Jimmy Deenihan Uasal, T.D., mé féin mar Aire Stáit na Roinne, an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Brendan Howlin Uasal, T.D., an tAire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn Uasal, T.D., an tAire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha, Pat Rabbitte Uasal, T.D., agus an tAire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil, Phil Hogan Uasal, T.D. Is Airí iad seo uile a bhfuil ceangal ar leith ag a réimsí freagrachtaí le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge. Ag cruinnithe an Choiste, úsáidtear Gaeilge nó Béarla de réir mar a oireann.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.