Written answers

Wednesday, 22 June 2011

Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs

Irish Language

9:00 pm

Photo of Caoimhghín Ó CaoláinCaoimhghín Ó Caoláin (Cavan-Monaghan, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 46: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta i bhfianaise é a bheith ráite ag an Aire go bhfuil sé chun deireadh a chuir le scéim labhairt na Gaeilge sa riocht ina bhfuil sé, nach n-aontaíonn sé go mbeadh sé níos fearr dá ndéanfaí athbhreithniú ar dtús agus scéim nua chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc an phobail a bheith pléite agus aontaithe sula gcuirfí deireadh leis an scéim reatha; cén scéim a thiocfaidh in áit scéim labhairt na Gaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [16439/11]

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 109: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta i bhfianaise é a bheith ráite ag an Aire go bhfuil sé chun deireadh a chur le scéim labhairt na Gaeilge sa riocht ina bhfuil sé; nach n-aontaíonn sé go mbeadh sé níos fearr athbhreithniú a bheith déanta ar dtús, scéim nua chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc an phobail a bheith pléite agus aontaithe sula gcuirfí deireadh leis an scéim reatha; cén scéim a thiocfaidh in áit scéim labhairt na Gaeilge. [13221/11]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 46 agus 109 le chéile.

Mar is eol don Teachta, rinne an Rialtas deireadh cinneadh críoch a chur le Scéim Labhairt na Gaeilge agus, mar sin, ní bheidh an scéim sin i bhfeidhm sa Ghaeltacht ó dheireadh na scoilbhliana reatha. Bhí moltaí agus tuairimíéagsúla faoin scéim faighte ag mo Roinnse ag dul siar go Coimisiún na Gaeltachta 2002. Is é an deacracht is mó a bhain leis an scéim nach raibh sí ag freastal ar theaghlaigh Gaeltachta le páistí roimh aois scoile agus, dá bhrí sin, ní raibh tionchar a dhóthain aici ar shealbhú teanga sa teaghlach.

Tá sé i gceist ag mo Roinnse scéim nua tacaíochta a chur ina háit, a thabharfaidh deis níos fear do pháisti óga an Ghaeilge a shealbhú go nadúrtha cois teallaigh sula mbaintear an scoil amach. Beidh aon scéim nua ag teacht le haidhmeanna na Stráitéise 20 Bliain don Ghaeilge. Táthar ag scrudú na bhféidearthachtai éagsúla a bhaineann leis an gceist faoi láthair.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.