Written answers

Wednesday, 22 June 2011

Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs

Acht na dTeangacha Oifigiúla

9:00 pm

Photo of Dessie EllisDessie Ellis (Dublin North West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 32: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta i bhfianaise é a bheith tugtha le fios ag Oifig an Choimisinéara Teanga gur theip go leanúnach ar bhreis agus an ceathrú cuid de Ranna agus Oifigí Rialtais fiú an leibhéal seirbhíse is bunúsaí ar fad a sholáthar trí Ghaeilge do chustaiméirí ar an teileafón agus gur theip ar 29% eile oiread seirbhíse trí Ghaeilge a chur ar fáil agus a chinnteodh go raibh a ndualgais reachtúla a gcomhlíonadh acu, cad iad na céimeanna a ghlacfaidh aige chun an scéal seo a leigheas; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [16438/11]

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal South West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 49: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta i bhfianaise gur gheall na páirtithe Rialtais, mar chuid den Chlár Comhaontaithe Rialtais, go ndéanfaí athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, cén uair atá sé i gceist é sin a dhéanamh; cé a dhéanfaidh é agus cé na téarmaí tagartha atá leagtha síos ag an Aire dóibh; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [16435/11]

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 105: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta gheall na páirtithe Rialtais, mar chuid den chlár comhaontaithe Rialtais, go ndéanfaí athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, cén uair atá sé i gceist é sin a dhéanamh; cé a dhéanfaidh é agus cé na téarmaí tagartha atá leagtha síos ag an Aire dóibh. [13217/11]

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 108: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta tá sé tugtha le fios ag Oifig an Choimisinéara Teanga gur theip go leanúnach ar bhreis agus an ceathrú cuid de Ranna agus Oifigí Rialtais fiú an leibhéal seirbhíse is bunúsaí ar fad a sholáthar trí Ghaeilge do chustaiméirí ar an teileafón agus gur theip ar 29% eile oiread seirbhísí trí Ghaeilge a chur ar fáil agus a chinnteodh go raibh a ndualgais reachtúla a gcomhlíonadh acu, cé na céimeanna atá an Rialtas chun glacadh leis an scéal seo a leigheas. [13220/11]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

I propose to take Questions Nos. 32, 49, 105 and 108 together.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Ar an gcéad dul síos, ba mhaith liom a mhiniú do na Teachtaí go gcoimeádtar feidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla faoi bhreithniú ag mo Roinn ar bhonn leanúnach. Sa bhreis air sin, tá dualgas orm mar Aire, faoi alt 5 den Acht, feidhmiú an Achta a athbhreithniú go bliantúil agus tuairisc ina leith a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais. Tá tuairisc faoi na blianta éagsúla go 2009 ar fáil i Leabharlann an Oireachtais.

An méid sin ráite, tá athbhreithniú níos cuimsithí ar an Acht á bheartú ag mo Roinnse i gcomhréir leis an ngealltanas atá sonraithe i gClár an Rialtais. Tá na céimeanna tosaigh le dlús a chur leis an athbhreithniú sin á dtógáil faoi láthair, ar a n-áirítear téarmaí tagartha sonracha, a thógfaidh san áireamh stádas na Gaeilge sa Bhunreacht, spriocanna sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus na bealaí is éifeachtaí chun seirbhísí an Stáit a sholáthar trí Ghaeilge. Tá i gceist go rachfar i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara cuí, Oifig an Choimisinéara Teanga san áireamh, mar chuid den athbhreithniú. Maidir leis na céimeanna atá le tógáil ag an Rialtas chun a chinntiú go mbeidh seirbhísí Stáit trí Ghaeilge ar fáil ar bhonn leathan, ní miste aird a dhíriú ar an méid atá ráite sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge i ndáil le Bearta don Ghaeilge sa tSeirbhís Phoiblí, eadhon, nach mór cláir fheasachta agus cláir oiliúna teanga a fhorbairt chun go mbeadh cion níos mó d'fhoireann na seirbhíse poiblí in ann go fírinneach feidhmiiú i nGaeilge agus in ann seirbhísí a sholáthar i nGaeilge do chustaiméirí a bhíonn á n-iarraidh sin. Luann an Straitéis bearta sonracha ar leith chun tacú leis an chur chuige sin. Beidh an cur chuige is oiriúnaí chun feidhm a thabhairt do na bearta éagsúla sin á phlé ag mo Roinn leis na páirtithe leasmhara cuí mar chuid de phlean forfheidhmithe na Straitéise.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 33: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ar chas sé le toscaireacht óÚdarás na Gaeltachta, na héilimh a bhí ag an toscaireacht agus an freagra a tugadh dóibh; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [12807/11]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Mar a tuarascaíodh go forleathan sna meáin ag an am, bhí cruinniú agam fhéin agus ag an Taoiseach le toscaireacht óÚdaras na Gaeltachta i mí Aibreáin seo caite. Tionóladh an cruinniú seo ar mhaithe le deis a thabhairt do bhaill an Údaráis a gcuid tuairimí maidir le ról agus struchtúr na heagraíochta sa todhchaí a chur in iúl. Cuireadh in iúl don toscaireacht ag an gcruinniú go gcuirfí a gcuid tuairimí san áireamh i gcomhthéacs an phlé a bhí ar bun ag an am ag an gCoiste Rialtais faoin Ghaeilge agus faoin Ghaeltacht maidir le todhchaí an Údaráis.

Ó shin i leith, tá cinntí mar a leanas maidir le struchtúir agus feidhmeanna Údarás na Gaeltachta tógtha ag an Rialtas: Go mairfidh an status quo maidir le feidhmeanna reatha na heagraíochta go ginearálta, a chuid feidhmeanna fiontraíochta san áireamh, faoi réir: foráil reachtúil a dhéanamh chun cumhacht a thabhairt don Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta treoir a thabhairt don Údarás a chuid acmhainní teoranta a dhíriú i dtreo earnálacha fiontraíochta ar leith; agus meicníocht a fhorbairt chun go mbeidh an tÚdarás in ann comhoibriú le háisíneachtaí fiontraíochta eile, ach go háirithe i gcás tograí suntasacha Gaeltachta a bhfuil poitéinseal ard acu.

Go mbeidh an fhreagracht maidir le forfheidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge laistigh den Ghaeltacht ar Údarás na Gaeltachta. Go ndéanfar foráil faoin mBille Gaeltachta atá beartaithe chunBord Údarás na Gaeltachta a laghdú go suntasach agus chun deireadh a chur leis an riachtanas do thoghcháin. Mar eolas don Teachta, i bhfianaise na gcinntí seo, tá iarrtha agam ar oifigigh mo Roinne cead na Roinne Airgeadais a lorg chun post Phríomhfheidhmeannach na heagraíochta a fhógairt.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.