Written answers
Wednesday, 22 June 2011
Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs
Caiteachas Ranna
9:00 pm
Seán Ó Fearghaíl (Kildare South, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Question 25: To ask the Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cé méid airgid atá ar fáil in 2011 do thionscnaimh pobail agus do thionscnaimh spóirt; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [16616/11]
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Tuigfidh an Teachta gur ar an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil go príomha atá an cúram maidir le tionscnaimh pobail agus gur ar an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt go príomha atá an cúram maidir le tionscnaimh spóirt.
É sin ráite, tá soláthar €1.3m ar fáil do mo Roinnse i 2011 le caitheamh ar áiseanna pobail agus saoráidíáineasa sa Ghaeltacht. Faoin scéim seo, féadfaidh mo Roinn cúnamh a cheadú do choistí aitheanta áitiúla sa Ghaeltacht ionas go soláthrófaí nó go gcuirfí caoi ar ionad pobail nóáiseanna áitiúla áineasa, ar a n-áirítear, mar shampla, páirceanna spóirt, seomraí gléasta, cúirteanna liathróid láimhe, cúirteanna leadóige agus cúirteanna cispheile.
No comments