Written answers

Tuesday, 21 June 2011

Department of Education and Skills

Straitéis 20 Bliain 2010

9:00 pm

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal South West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 140: To ask the Aire Oideachais agus Scileanna an bhfuil sé i gceist aige an grúpa ardleibhéil atá luaite i Straitéis 20 Bliain 2010 a bhunú go luath; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [16551/11]

Photo of Ruairi QuinnRuairi Quinn (Dublin South East, Labour)
Link to this: Individually | In context

Tá mo Roinnse gafa faoi láthair le pléanna leis an Roinn Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta faoi fheidhmiú céimnithe na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge.

Nuair a bheidh an chreatlach ama d'fheidhmiú foriomlán na Straitéise comhaontaithe, tionólfar an grúpa ardleibhéil atá luaite sa Straitéis. Is ceart a thabhairt faoi deara go gcomhthadhlaíonn mo Roinnse ar bhonn leanúnach leis na páirtithe uile lena mbaineann.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.