Written answers

Tuesday, 21 June 2011

9:00 pm

Photo of Alan ShatterAlan Shatter (Dublin South, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tá curtha in iúl dom go bhfuil beann ag an tSeirbhís Chúirteanna ar a cuid oibleagáidí faoi alt 8 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Glacann an tSeirbhís Chúirteanna cúram chun a chinntiú go gcuirtear seirbhísí cúirteanna ar fáil sa phríomhtheanga oifigiúil i gcás ina gcuireann aon pháirtí in aon imeachtaí cúirte in iúl gur mian leis nó léi a cheart nó a ceart a fheidhmiú maidir leis sin.

278. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív an Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais Dlí agus Cirt agus Comhionannais céard iad na socruithe atá déanta ag an tSeirbhís Chúirteanna chun a chinntiú go mbeidh seirbhís cúirteanna ar fáil trí Ghaeilge i nGaeltacht Chonamara agus chun go mbeidh lárionad agus teach cúirte suite sa Ghaeltacht sin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [16098/11]

279. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív an Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais Dlí agus Cirt agus Comhionannais Dlí agus Cirt agus Comhionannais céard iad na pléití a bhí aige leis an tSeirbhís Chúirteanna maidir le Teach Cúirte Dhoire Né; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [16099/11]

Photo of Alan ShatterAlan Shatter (Dublin South, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

I propose to take Questions Nos. 278 and 279 together.

Is ceart dom a chur in iúl don Teachta, cé nach bhfuil amhras ar bith ná go bhfuil an Teachta ar an eolas faoi seo, go bhfuil an tSeirbhís Chúirteanna, faoi fhorálacha alt 5 den Acht um Sheirbhís Chúirteanna 1998, freagrach go neamhspleách as foirgnimh chúirte a sholáthar, a bhainistiú agus a chothabháil. Chuireas fiosrúcháin á ndéanamh, áfach, agus tá curtha in iúl dom go gcuirtear seirbhísí trí mheán na Gaeilge ar fáil faoi láthair sa teach cúirte i nDoire an Fhéich, Casla, Conamara, Co. na Gaillimhe. Suíonn an chúirt uair sa mhí agus dhéileáil sí le 607 cás i rith 2010.

Tá curtha in iúl dom thairis sin go bhfuil athbhreithniú eagrúcháin agus éifeachtúlachta á dhéanamh ag an tSeirbhís Chúirteanna ar a cuid oibríochtaí ar fud na tíre, agus é mar chuspóir ar leith ag an athbhreithniú sin a chinntiú gur féidir seirbhísí líne tosaigh a choinneáil sna cúinsí atá ann faoi láthair. Tá dearbhaithe ag an tSeirbhís Chúirteanna go bhfuil teach cúirte Dhoire an Fhéich, agus áiseanna agus oibríochtaí coimhdeacha an tí cúirte sin, san áireamh san athbhreithniú réamhluaite sin. Táthar tar éis a dheimhniú dom go bhfuil gach rogha atá ar fáil á breithniú mar chuid den athbhreithniú agus go dtuigeann an tSeirbhís ach go háirithe go bhfuil Doire an Fhéich suite i limistéar Gaeltachta agus go ndéanfar é sin a bhreithniú go cuí i gcúrsa an athbhreithnithe.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.