Written answers

Thursday, 16 June 2011

Department of Education and Skills

Clár Tógála Scoileanna

6:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 81: To ask the Aire Oideachais agus Scileanna cén uair a lóisteálfar iarratas ar chead pleanála do Ghael Scoil de hÍde, Órán Mór, Contae na Gaillimhe, cén uair a thosaigh an obair leis an iarratas pleanála agus an dearadh a réiteach; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [15951/11]

Photo of Ruairi QuinnRuairi Quinn (Dublin South East, Labour)
Link to this: Individually | In context

Tá ceannach an tsuímh a aithníodh don scoil dá dtagraíonn an Teachta faoi réir cead imlíneach pleanála a bheith deonaithe. Chuir mo Roinn tús i Samhain na bliana 2010 le hiarratas ar chead imlíneach pleanála a réiteach. Tar éis cainteanna leis an údarás pleanála maidir le forbairt bheartaithe an tsuímh, coimisiúnaíodh suirbhéanna agus measúnachtaí speisialaithe ar an suíomh le cur san áireamh san iarratas pleanála. Nuair a bheidh gach tuairisc riachtanach faighte agus an réamhobair déanta, tabharfar an t-iarratas pleanála chun críche agus seolfar é chuig an údarás pleanála.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.