Written answers
Wednesday, 15 June 2011
Department of Environment, Community and Local Government
An Teanga Gaeilge
10:00 pm
Robert Dowds (Dublin Mid West, Labour)
Link to this: Individually | In context
Question 356: To ask the Aire Gnóthaí Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil aon phlean aige comhoibriú a dhéanamh leis an Aire Stáit nua atá ag rialtas na hAlban, a bhfuil dualgas air GÀidhlig na hAlban a chur chun cinn, ionas gur féidir leis an dá rialtas oibriú le chéile chun caidreamh cultúrtha idir an dá thír a neartú agus an Ghaeilge agus an GhÀidhlig a chur chun cinn sa dá thír. [15527/11]
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Tá obair leanúnach ar bun tríd an bhfóram Comhairle na Breataine-na hÉireann agus tríd an tionscadal Colmcille chun an caidreamh cultúrtha idir Éirinn, Tuaisceart Éireann agus Albain a neartú, mar aon le Gaeilge na hÉireann agus GÀidhlig na hAlban a chur chun cinn.
Mar is eol don Teachta, bunaíodh Comhairle na Breataine-na hÉireann sa bhliain 1999 faoi réir théarmaí Chomhaontú Aoine an Chéasta. Díríonn an Chomhairle ar roinnt réimsí éagsúla oibre, ina measc teangacha dúchais, mionlaigh agus neamhfhorleathana a labhraítear sa Bhreatain agus in Éirinn. Déantar comhdhálacha agus cruinnithe Aireachta a reáchtáil ó am go ham. Tá súil agam go n-aontófar go dtionólfar cruinniú Aireachta i réimse na dteangacha in Éirinn roimh dheireadh na bliana.
Faoi mar a thuigeann an Teachta, cuireadh Colmcille, nó Iomairt Cholm Cille mar a tugadh air ag an am, ar bun sa bhliain 1997, nuair a rinne Uachtarán na hÉireann agus Aire Oideachais na hAlban é a lainseáil ar mhaithe le ceiliúradh agus forbairt a dhéanamh ar an ngaol idir Éirinn agus Albain. Is tionscnamh trípháirteach atá i gceist, atá maoinithe ag mo Roinn féin, ag an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta i dTuaisceart Éireann agus ag an Scottish Government Directorate for Culture, External Affairs and Tourism. Tá athbhreithniú ar siúl ag na páirtithe maoinithe ar Colmcille faoi láthair agus iad ag breathnú ar na bealaí chun an tionscadal a fheabhsú.
Tá tuilleadh eolais ar fáil faoin ndea-obair atá ar siúl ag na heagrais seo ag na suíomhanna idirlín www.british-irishcouncil.com agus www.colmcille.net.
Táim ag súil go láidir go mbeidh ar mo chumas an dea-chaidreamh atá ann cheana féin le Rialtas na hAlba i réimsí na teanga agus an chultúir a neartú tuilleadh sa tréimhse atá amach romhainn.
No comments