Written answers

Tuesday, 7 June 2011

Department of Communications, Energy and Natural Resources

Íocaíochtaí Deontas

9:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 221: To ask the Aire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha, i bhfianaise an fhreagra a fuair sé ón Aire Talmhaíochta, Mara agus Bia, uimhir 277, an bhfuil i gceist aige athbhreithniú a dhéanamh ar an iarratas óna Roinn gan aon deontais eile a cheadú d'fheirmeacha bradán go dtí go mbeidh tuilleadh dul chun cinn déanta ó thaobh míolta mara a chur faoi smacht, ainneoin an dul chun cinn atá déanta sa treo sin cheana féin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [14484/11]

Photo of Pat RabbittePat Rabbitte (Dublin South West, Labour)
Link to this: Individually | In context

Is ceisteanna iad feirmeoireacht iasc a fhorbairt agus Clár Oibriúcháin an Bhia Mara maraon le géilliúntas don Treoir maidir le Gnáthóga agus le reachtaíocht eile de chuid an Aontais Eorpaigh don Aire Talmhaíochta, Bia agus na Mara nach bhfuil feidhm agam iontu. Bheinn go hiomlán taobh thiar de thionscal na hiascaireachta agus de dhobharshaothrú a fhorbairt. Tacaím go láidir le síorshaothar de chuid an Aire, a Roinne-sin agus na ngíomhaireachtaí a oibríonn faoina scáth chun féachaint chuige go bhfreagraíonn gach a dheineann siad dár gcuid dualgas faoi réir na Treorach maidir le Gnáthóga agus na reachtaíochta eile de chuid an Aontais Eorpaigh arna ndearadh leis an gcomhshaol a chaomhnú.

Sa bhreis ar na gceisteanna suntasacha idir comhshaoil agus reachtúil de, beidh fios ag an Teachta gur measadh luach ionchasach turasóireachta an tslat-iascaire a thagann chugainn ón iasacht a bheith sa bhreis ar €100 milliún in aghaidh na bliana dar le Fáilte Ireland agus le hIascach Intíre Éireann agus go ndéantar mórchuid den iascaireacht siúd faoin dtuath agus cois chósta. Sna cúinsí úd, táim cinnte de go mbeidh an tAire agus an Teachta ar chomhmhian go dtabharfar an caomhnú is gá do stoic na mbradán fiáin dúchasach agus d'earnáil luachmhar na slat-iascaireachta bradáin, earnáil a chothaíonn poist sna pobail cois chósta agus sna pobail tuaithe.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.