Written answers

Tuesday, 31 May 2011

Department of Education and Skills

Íocaíochtaí Deontas

9:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 127: To ask the Aire Oideachais agus Scileanna an gceadófar airgead faoin scéim oibreacha samhraidh do scoil (sonraí tugtha) de bharr chomh tais agus atá an scoil agus an drochthionchair a d'fhéadfadh sé imirt ar shláinte na ngasúr sa scoil. [13278/11]

Photo of Ruairi QuinnRuairi Quinn (Dublin South East, Labour)
Link to this: Individually | In context

Táim ábalta a dheimhniú gur ndearna an scoil dá dtagraíonn an Teachta iarratas ar chuid de na fuinneoga a athrú faoin Scéim Oibreacha Samhraidh 2011. Fógraíodh liosta de 453 scoil an 30 Márta 2011. Faoi mhaoiniú Scéim Oibreacha Samhraidh na bliana seo tugadh tosaíocht d'iarratais ó scoileanna ar oibreacha gáis, meicniúla agus leictreachais agus tá aiféala orm nár roghnaíodh iarratas na scoile atá i gceist. Tá litir á chur sin in iúl seolta chuig an scoil. Cé go bhfuil maoiniú breise curtha ar fáil do thionscadail scoile faoi Thionscnamh Post an Rialtais tá aiféala orm nár éirigh leis an iarratas dá dtagraítear dó faoin Tionscnamh mar gur ghá tosaíocht a thabhairt do chatagóirí oibre ar chinn eile.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.