Written answers

Tuesday, 31 May 2011

Department of Agriculture, Marine and Food

Tionscal na hIascaireachta

9:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 277: To ask the Aire Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia an bhfuil cosc ar áisíneachtaí forbartha ar nós Údarás na Gaeltachta deontais a cheadú do thionscal na mbradán feirme ag eascairt ó fhorálacha maidir le bradáin fhiáine a chosaint ó mhíolta mara atá sa Chlár Náisiúnta um Bia na Mara a foilsíodh i 2010; agus an gceapann sé go bhfuil sé réasúnach nach bhfuil cead deontais a thabhairt do thionscnaimh atá ceadúnaithe ag a Roinn féin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [13276/11]

Photo of Simon CoveneySimon Coveney (Cork South Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Seoladh an Clár Náisiúnta um Bia na Mara i mí Iúil 2010 chun cúnamh deontais a chur ar fáil ó mhaoiniú an Státchiste do ghnéithe áirithe de thionscal na hiascaireachta, lena n-áirítear dobharshaothrú. Le linn an phróisis chomhairliúcháin phoiblí agus reachtúil ar an measúnú straitéiseach comhshaoil a rinneadh ar an gClár seo, bhí imní ar na Bord Iascaigh Láir agus Réigiúnacha agus ar an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha maidir leis an tionchar diúltach a bheadh ag míolta mara a thagann ó fheirmeacha bradán ar shalmainidí fiáine imirceacha. D'aontaigh an tAire a bhí ann ag an am leis an Aire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha nach dtabharfaí aon chúnamh airgeadais le linn an Chláir Náisiúnta seo do shealbhóirí na gceadúnas dobharshaothraithe bradán mara go dtí go réiteofaí go sásúil an cheist agus gur mar bheart réamhchúraim a bhíothas á dhéanamh sin.

Chuir mo Roinn doiciméad beartais dar teideal "A Strategy for Improved Pest Control on Irish Salmon Farms" le chéile, agus rinneadh é sin i gcomhairle le Foras na Mara agus le BIM in 2008. Sa Straitéis bhí roinnt moltaí chun rialú níos fearr a dhéanamh ar mhíolta mara, lena n-áirítear Grúpa Forfheidhmiúcháin Náisiúnta a bhunú chun maoirsiú a dhéanamh ar fhorfheidhmiú na Straitéise agus ar a cuid moltaí. Bunaíodh an Grúpa i mí na Nollag 2008 agus d'fhoilsigh an Roinn a thuarascáil i mí na Nollag 2010. Thángthas ar an gconclúid sa Tuarascáil go raibh na leibhéil de mhíolta mara i bhformhór na láithreán dobharshaothraithe bradán faoi na leibhéil a d'éileodh cóireáil a dhéanamh orthu agus, i ngach cás nuair a eisíodh fógraí chun cóireáil a dhéanamh, cuireadh pleananna cóireála éifeachtacha i bhfeidhm. Ag éirí ó na torthaí dearfacha, rinneadh sraith moltaí sa tuarascáil inar cuimsíodh cóireálacha, cleachtais maidir le monatóireacht agus bainistíocht a dhéanamh ar ghalair d'fhonn leanúint den dul chun cinn atá déanta go dtí seo.

In ainneoin na gconclúidí dearfacha a bhí ag an nGrúpa Forfheidhmiúcháin Náisiúnta, tuigim gur mian le hIascaigh Intíre na hÉireann agus leis an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha tuilleadh dul chun cinn a fheiceáil ó thaobh míolta mara a chur faoi smacht sula féidir an imní atá orthu faoi shalmainidí fiáine imirceacha a mhaolú. Tá BIM agus Foras na Mara fós ag obair leis an tionscal dobharshaothraithe bradán chun leanúint den dul chun cinn atáthar a dhéanamh leis an Straitéis míolta mara a chur i bhfeidhm.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.