Written answers

Tuesday, 31 May 2011

Department of Justice, Equality and Defence

Earcaíocht Fórsaí Cosanta

9:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 265: To ask the Aire Cosanta cén uair a thosóidh earcaíocht san arm arís agus na cathláin den arm a bheidh i gceist. [13404/11]

Photo of Alan ShatterAlan Shatter (Dublin South, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Cuireadh earcaíocht sna Buan-Óglaigh ar fionraí amach i dtreo dheireadh 2008 go dtí go mbeadh athbhreithniú déanta ar na bealaí is fearr leis an laghdú 3% ar chostais párolla, a cuireadh i bhfeidhm ar Óglaigh na hÉireann, mar a rinneadh i réimsí eile sa tseirbhís phoiblí, a bhaint amach. Laistigh den chomhthéacs comhdhlúthú a dheánamh ar airgeadas poiblí tá an Rialtas dírithe ar éifeachtacht oibríochta Óglaigh na hÉireann a choinneáil. Chuige sin, rinneadh sprioc-earcaíocht i 2010 agus tá sin ag leanúint i 2011.

Deir na hÚdaráis Mhíleata go bhfuil ar an iomlán 265 Earcach Ginearálta Seirbhíse liostáilte go dtí seo i 2011. Tá 19 earcach fós le hearcú i mbuíon earcach na Seirbhíse Cabhlaigh agus tá siad sin le liostáil sna seachtainí atá romhainn. Níl aon phleananna ann le tuilleadh earcaíochta seirbhíse ginearálta a dhéanamh sna Buan-Óglaigh faoi láthair. Glacfar isteach le 30 dalta ón Chomórtas Daltais in 2011 agus líonfar roinnt ceapachán teicniúil freisin.

Le tacaíocht ón gCeann Foirne agus laistigh d'acmhainní atá ar fáil, tá rún agam cumas na heagraíochta Cosanta a choinneáil le go mbeidh sé ábalta feidhmiú go héifeachtach i ngach ról is ag an am céanna ag cur le geilleagair seirbhíse poiblí riachtanacha. Comhairlítear dom go bhfuil ar chumas Óglaigh na hÉireann, ag an tráth seo, tabhairt faoi na tascanna atá leagtha amach dó ag an Rialtas sa bhaile agus thar lear.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.