Written answers

Tuesday, 31 May 2011

Department of Justice, Equality and Defence

Scaoileadh Priosúnaigh

9:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 240: To ask the Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais an bhfuil an chumhacht aige cead a thabhairt duine atá i bpríosún a scaoileadh amach, ar choinníoll go ndéanfadh an duine sin seirbhís pobail, sa chás go gceapann sé go bhfeilfeadh pionós mar sin níos fearr don té a bheadh i bpríosún, gur mó leas ina thuairim a dhéanfadh sé don phríosúnach, nach mbeadh aon chontúirt don phobal i gceist agus go sábhálfadh sé airgead ar an Stát; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [13277/11]

Photo of Alan ShatterAlan Shatter (Dublin South, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tá an Dara Céim den Bhille um Cheartas Coiriúil (Seirbhís Pobail) (Leasú) 2011, atá ceaptha chun úsáid Orduithe Seirbhíse Pobail a leathnú, curtha i gcrích cheana féin. Cuirfear tús le Céim an Choiste den Bhille nuair a bheidh an coiste cuí curtha ar bun. Tugann an Bille seo éifeacht do ghealltanas an Rialtais córas gearrtha pianbhreitheanna a áirithíonn sochaí níos sábháilte a chur ar bun ar chostas níos ílse don cháiníocóir. Léiríonn sé prionsabal an tsrianta maidir le coimeád a úsáid, ar bunphrionsabal de chuid dhlí agus bheartas na hEorpa i leith príosún é. Tá mar aidhm aige, freisin, tearc-úsáid Orduithe Seirbhíse Pobail inár gcóras peannaideach a leigheas.

Cuireann an Bille dualgas níos troime ar bhreithiúna i dtrialacha breithniú a dhéanamh ar Ordú Seirbhíse Pobail a ghearradh ar chiontóirí arna gciontú i gcásanna ina bhfuil breithniú á dhéanamh ar phríosúnú suas le 12 mhí mar phianbhreith. Mar atá luaite agam roimhe seo, tá breithniú á dhéanamh agam, freisin, ar chóras go bhféadfadh sé, tar éis molta ón mBord Parúil, go ndéanfadh príosúnaigh chuí ar ar gearradh cúig bliana nó níos mó mar phianbhreith obair de chineál seirbhíse pobail a ghabháil orthu féin ar feadh tréimhse mar mhalairt ar an gcuid deiridh dá bpianbhreith a chur isteach i gcoimeád. Tá iarrtha agam ar mo Roinn iniúchadh a dhéanamh ar threoirscéim a thabhairt isteach ag baint leasa as forálacha an Achta um Cheartas Coiriúil 1960, arna leasú leis an Acht um Cheartas Coiriúil (Scaoileadh Sealadach Príosúnach) 2003.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.