Written answers

Tuesday, 17 May 2011

Department of Agriculture, Marine and Food

Ceadúnais Iascaigh

6:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 436: To ask the Aire Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia cén meánfhad a thógann sé le ceadúnas a eisiúint d'fheirmeoireacht éisc; cé méid iarratas atá ar lámh ag a Roinn; an bhfuil i gceist aige céimeanna a ghlacadh leis an bpróiseas seo a dhéanamh níos sciobtha; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [11371/11]

Photo of Simon CoveneySimon Coveney (Cork South Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Braithfidh an fráma ama chun teacht ar chinneadh maidir le hiarratais ar an suíomh, an speiceas, scála agus déine an táirgthe, an modh saothrúcháin, stádas reachtúil na láithreán, éifeacht fhéideartha ó thaobh amhairc, an bealach rochtana agus cé chomh minic a dhéanfar rochtain ar na láithreáin, gníomhaíochtaí eile sa limistéar srl. Beidh sé ag brath freisin, i measc rudaí eile, ar aon aighneachtaí nó aon tuairimí a ardaítear le linn thréimhse an chomhairliúcháin phoiblí.

Mar sin ní féidir fráma ama sonrach a thabhairt le fios maidir le hiarratais ar cheadúnas a phróiseáil.

Tá 564 iarratas ar cheadúnas dobharshaothraithe ag fanacht ar chinneadh - is é sin 301 iarratas ar cheadúnas den chéad uair agus 263 iarratas ar cheadúnas a athnuachan.

An riaráiste i bpróiseáil na n-iarratas ar cheadúnas nua agus na n-iarratas ar cheadúnas a athnuachan, tagann sé i gceist den chuid is mó mar go bhfuil formhór na limistéar a bhfuil na ceadúnais á lorg ina leith ainmnithe mar Limistéir Chaomhantais Speisialta faoin Treoir maidir le Gnáthóga ón Aontas Eorpach agus/nó Limistéir faoi Chosaint Speisialta faoin Treoir maidir le hÉin ón Aontas Eorpach (láithreáin Natura 2000).

I gcás na láithreán dobharshaothraithe atá lonnaithe laistigh de limistéir Natura 2000, tá an Roinn Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia, i gcomhar le Foras na Mara agus le Seirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, i mbun clár cuimsitheach d'fhonn na sonraí bonnlíne riachtanacha a bhailiú is iomchuí i gcomhair chuspóirí caomhnaithe na limistéar sin. Tá an próiseas sin leanúnach agus tá dul chun cinn suntasach déanta. De bharr an chláir chuimsithigh seo um bailiú sonraí, mar aon le leagan síos cuspóirí caomhnaithe iomchuí ag an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra, beifear in ann gach iarratas nua, iarratas athnuachana agus iarratas ar athbhreithniú a mheas go hiomchuí chun a chinntiú go gcomhlíonfar na Treoracha maidir le hÉin agus le Gnáthóga ón Aontas Eorpach. Léiríonn an obair seo infheistíocht shuntasach airgeadais, riaracháin agus eolaíochta ag an Stát maidir le réiteach na ceiste seo. Déanfar Measúnú Iomchuí na n-iarratas dobharshaothraithe ar bhonn gach bá go leithleach.

Leanann mo Roinn ag déanamh gach iarrachta luas a chur faoi chinneadh a dhéanamh maidir le gach cás nach bhfuil cinneadh déanta ina leith go fóill, ag féachaint do chastacht gach cáis agus don ghá atá ann an reachtaíocht náisiúnta agus reachtaíocht an AE a chomhlíonadh go hiomlán.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 437: To ask the Aire Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia cén fáth go mbíonn ar fheirmeoirí bradán atá ag iarraidh athnuachan a dhéanamh ar sheancheadúnais bradán feirme a bhí ag comhlachtaí atá imithe as gnó le fada, iartháillí nó riaráistí a íoc ar na suímh seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [11372/11]

Photo of Simon CoveneySimon Coveney (Cork South Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Léiríonn an chomhairle dlí atá ar fáil do mo Roinnse go múchtar ceadúnais dobharshaothraithe atá i seilbh cuideachtaí atá díscaoilte go hoifigiúil.

I gcás na gceadúnas a shanntar chuig tríú páirtithe, éilíonn mo Roinnse, ag teacht le dea-chleachtas sa bhainistíocht phoiblí, go n-íocfar aon táillí nach bhfuil íoctha go fóill mar chuid den phróiseas sannacháin.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 438: To ask the Aire Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia an bhfuil i gceist aige athbhreithniú a dhéanamh ar na táillí a ghearrtar ar cheadúnais feirmeoireachta éisc féachaint an spreagfadh laghdú táillí tuilleadh forbartha ar an tionscal; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [11373/11]

Photo of Simon CoveneySimon Coveney (Cork South Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Níor ardaíodh na táillí ar cheadúnais Dobharshaothraithe ó 1998. Níl laghdú ar na táillí faoi bhreithniú i láthair na huaire.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.