Written answers

Tuesday, 10 May 2011

Department of Social Protection

Vóta na Roinne

9:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 206: To ask the Aire Coimirce Sóisialaí cén t-eolas airgeadais a cuireadh ar fáil di don tréimhse 1/1/2011 go 31/3/2011, cén chaoi a bhfuil cúrsaí caiteachais agus ioncaim go dáta i gcomparáid leis na meastacháin a foilsíodh ag tús na bliana agus leis na próifílí caiteachais a réitíodh don bhliain, an gcuirfidh sí cóip den eolas a tugadh di ar fáil dom; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [10743/11]

Photo of Joan BurtonJoan Burton (Dublin West, Labour)
Link to this: Individually | In context

Bhí mionteagasc ar na Meastacháin don bhliain 2011 san áireamh sa Mhionteagasc Aire a d'ullmhaigh an Roinn dom ar mo cheapadh im' Aire Coimirce Sóisialaí. Tá an mionteagasc sin ar fáil ar shuíomh Gréasáin na Roinne.

Foilsíonn an Roinn Airgeadais anailís mhíosúil ar an nGlanchaiteachas Vótáilte de réir Vót-Ghrúpa. Mí Aibreáin atá faoi chaibidil san anailís is déanaí agus taispeánann sé go raibh feidhmíocht i gcomparáid le próifíl i gcás mo Vóta-sa €48 milliún (nó 1.1%) faoi phróifíl. Tá na sonraí sin ar fáil ar shuíomh Gréasáin na Roinne Airgeadais.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.