Written answers
Tuesday, 10 May 2011
Department of Foreign Affairs and Trade
Leithdháiltí Caiteachais
9:00 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Question 334: To ask the Aire Gnóthaà Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta cén t-eolas airgeadais a cuireadh ar fáil di don tréimhse 1/1/2011 go 31/3/2011; cén chaoi a bhfuil an caiteachas go dáta i gcomparáid leis na meastacháin a foilsÃodh ag tús na bliana agus leis na próifÃlà caiteachais a réitÃodh don bhliain; an gcuirfidh sà cóip den eolas a tugadh di ar fáil dom; agus an ndéanfaidh sà ráiteas ina thaobh. [10742/11]
Frances Fitzgerald (Dublin Mid West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Mar is eol don Teachta, d'fhoilsigh an Rialtas roimhe seo na leithdháiltà caiteachais agus na próifÃlà caiteachais don bhliain 2011 i mà Feabhra agus tá siad ar fáil ar shuÃomh gréasáin na Roinne Airgeadais.
Nuair a ghlac mé leis an bpost mar Aire a bhfuil freagracht uirthi as an Roinn Gnóthaà Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta an 10 Márta 2011, chuir oifigigh mo Roinne ar an eolas mé faoi staid an chaiteachais ag an tráth sin i gcomparáid leis na próifÃlà foilsithe agus leis an leithdháileadh iomlán don bhliain araon. Comeádadh mé suas chun dáta go tráthrialta ar na cúrsaà sin.
Mar eolas don Teachta, b'fhiú â¬68.47 milliún ollchaiteachas na Roinne an 31 Márta 2011. Ba ionann sin isteach agus amach le 90% den phróifÃl foilsithe agus 19% den leithdháileadh sna Meastacháin Athbhreithnithe, ar fiú â¬352.388 milliún é.
Tá leithdháiltà na Roinne ar fáil ag an nasc thÃos chun gur féidir tagairt a dhéanamh dóibh go héasca: http://www.finance.gov.ie/documents/public%20expenditure/2011/rev2011.pdf.
Is féidir amharc ar chaiteachas maidir le próifÃlà foilsithe ag an nasc seo a leanas:
www.finance.gov.ie/documents/public%20expenditure/2011/Expendprofile.pdf.
No comments