Written answers

Tuesday, 10 May 2011

Department of Foreign Affairs and Trade

Leithdháiltí Caiteachais

9:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 334: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta cén t-eolas airgeadais a cuireadh ar fáil di don tréimhse 1/1/2011 go 31/3/2011; cén chaoi a bhfuil an caiteachas go dáta i gcomparáid leis na meastacháin a foilsíodh ag tús na bliana agus leis na próifílí caiteachais a réitíodh don bhliain; an gcuirfidh sí cóip den eolas a tugadh di ar fáil dom; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [10742/11]

Photo of Frances FitzgeraldFrances Fitzgerald (Dublin Mid West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Mar is eol don Teachta, d'fhoilsigh an Rialtas roimhe seo na leithdháiltí caiteachais agus na próifílí caiteachais don bhliain 2011 i mí Feabhra agus tá siad ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne Airgeadais.

Nuair a ghlac mé leis an bpost mar Aire a bhfuil freagracht uirthi as an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta an 10 Márta 2011, chuir oifigigh mo Roinne ar an eolas mé faoi staid an chaiteachais ag an tráth sin i gcomparáid leis na próifílí foilsithe agus leis an leithdháileadh iomlán don bhliain araon. Comeádadh mé suas chun dáta go tráthrialta ar na cúrsaí sin.

Mar eolas don Teachta, b'fhiú €68.47 milliún ollchaiteachas na Roinne an 31 Márta 2011. Ba ionann sin isteach agus amach le 90% den phróifíl foilsithe agus 19% den leithdháileadh sna Meastacháin Athbhreithnithe, ar fiú €352.388 milliún é.

Tá leithdháiltí na Roinne ar fáil ag an nasc thíos chun gur féidir tagairt a dhéanamh dóibh go héasca: http://www.finance.gov.ie/documents/public%20expenditure/2011/rev2011.pdf.

Is féidir amharc ar chaiteachas maidir le próifílí foilsithe ag an nasc seo a leanas:

www.finance.gov.ie/documents/public%20expenditure/2011/Expendprofile.pdf.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.