Written answers

Tuesday, 10 May 2011

Department of Environment, Community and Local Government

Forbairt Pobail

9:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 233: To ask the Aire Comhshaoil, Gnóthaí Pobail agus Rialtais Áitiúil cén fáth a bhfuil an t-iniúchadh atá ar bun ag Pobal ar MFG ag tógáil chomh fada ar siúl ó Eanáir 2010, agus an féidir léi a rá cén uair a bheidh bailchríoch air; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [10361/11]

Photo of Phil HoganPhil Hogan (Carlow-Kilkenny, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Beidh a fhios ag an Teachta go ndearna Pobal, a riarann an Clár Forbartha Áitiúil agus Pobail ar son mo Roinnse, iniúchadh ar Mheitheal Forbartha na Gaeltachta Teo (MFG) i mí Eanáir 2010. Cé gur cuireadh na fionnachtana agus na moltaí a ghabhann leo in iúl do MFG i mí an Mheithimh 2010, tá aghaidh le tabhairt fós ag an gcomhlacht sin ar chuid de na ceisteanna a n-éiríonn sa tuarascáil.

Tá an comhlacht agus Pobal ag comhoibiú chun teacht ar réiteach ar na ceisteanna atá idir chamáin agus ina leith, tá sé socraithe go n-ainmneofar Feidhmeannach Neamhspleach do MFG chug aghaidh a thabhairt ar na ceisteanna atá idir chamáin agus chun teacht ar mheicníochtaí oiriúnacha chun iad a réiteach. Beidh tuarascáil an Fheidhmeannaigh Neamhspleach ag díriú freisin ar inniúlacht MFG cistí a dháilleadh ar an gcomhlacht trí Phobal a bhainistiú.

Ainmneofar an Feidhmeannach Neamhspleach trí phróiseas tairisceana iomaíoch. Táthar ag súil go mbeidh gcríoch leis an bpróiseas seo i rith na míosa seo chugainn agus go mbainfidh tréimhse trí mhí leis an gceapachán. Táthar ag súil go gcabhróidh an tuarascáil seo le Pobail moltaí a dhéanamh do mo Roinnse i leith airgeadú amach anseo agus i leith socruithe conarthacha le MFG. Tabharfaidh mé breis eolais don Teachta ar an ábhar seo ag an am sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.