Written answers

Tuesday, 10 May 2011

Department of Communications, Energy and Natural Resources

Caiteachas Ranna

9:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 225: To ask the Aire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha cén t-eolas airgeadais a cuireadh ar fáil dó don tréimhse 1/1/2011 go 31/3/2011; cén chaoi a bhfuil cúrsaí caiteachais agus ioncaim go dáta i gcomparáid leis na meastacháin a foilsíodh ag tús na bliana agus leis na próifílí caiteachais a réitíodh don bhliain; an gcuirfidh sé cóip den eolas a tugadh dó ar fáil dom; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [10744/11]

Photo of Pat RabbittePat Rabbitte (Dublin South West, Labour)
Link to this: Individually | In context

Seolfadh faisnéis airgeadais de chuid na Roinne agamsa don tréimhse 1/1/2011 go dtí 31/3/2011 chuig an Roinn Airgeadais. D'fhoilsigh an Roinn Airgeadais an Anailís go Deireadh Mharta 2011 den Ghlanchaiteachas Vótáilte do mo Roinnse mar a leanas:

Próifíl Deireadh Mhárta (€m)Táirgeacht Deireadh Mhárta (€m)Aithreathas (€m)Aithreathas (%)
Iomlán5440-14-25.7
Caiteachas Reatha2722-5-17.0
Caipeatal2718-9-34.3

Ar na mhórchuid éiríonn na haithreathais as cúrsaí uainiúcháin agus as caiteachas a bhí níos moille ná mar leagadh amach sna próifílí i leith scéimeanna áirithe a sholáthraíonn cistí ar bhonn an éilimh. Meastar go bhfillfidh caiteachas mo Roinne-se ar an bpróifíl i gcaitheamh na bliana.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.