Written answers

Tuesday, 10 May 2011

Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs

Íocaíochtaí Deontas

9:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 215: To ask the Aire Sport Turasóireachta, Cultúir agus Spóirt an bhfuil teorainn ama ghinearálta leagtha síos faoinar gá gach obair a bheith críochnaithe le bheith cáilithe le haghaidh íocaíochta deontais a ceadaíodh faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht), 1929 - 2001; an bhfuil sí sásta eisceacht a dhéanamh in aon chás; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [10741/11]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Mar is eol don Teachta, tá an Scéim Tithíochta faoi Achtanna na dTithe (Gaeltachta) 1929–2001 ar fionraí anois ó mhí Aibreáin 2009. É sin ráite, nuair a cheadaítear deontas, tugtar tréimhse don deontaí chun an obair a dhéanamh. Tugtar bliain don deontaí chun oibreacha feabhsúcháin a dhéanamh agus dhá bhliain chun teach nua a thógáil.

Tá roinnt deontas atá ceadaithe ach nach bhfuil íoctha ag mo Roinn ag an bpointe seo. Tuigtear dom go mbeidh an chuid is mó de na cásanna sin críochnaithe agus íoctha roimh dheireadh na bliana seo.

Comhairlítear dom nach féidir síneadh ama a thabhairt ná eisceacht a dhéanamh in aon chás. Mura mbíonn an obair déanta faoin spriocdháta, is é nós mo Roinne-se ná an deontas, nó pé fuílleach atá fágtha ag an am, a chur ar ceal.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.