Written answers
Tuesday, 3 May 2011
Department of Education and Skills
Clár Tógála Scoileanna
9:00 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Question 197: To ask the Aire Oideachais agus Scileanna an bhfuil suíomh ceannaithe le haghaidh scoil bhuan do Ghaelscoil de hÍde, Órán Mór, Contae na Gaillimhe agus an bhfuil sé i gceist cead a thabhairt i mbliana chun scoil nua a thógáil; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [9106/11]
Ruairi Quinn (Dublin South East, Labour)
Link to this: Individually | In context
Tá suíomh aitheanta don scoil dá dtagraíonn an Teachta agus tá ceannach an tsuímh sin faoi réir cead imlíneach pleanála a bheith deonaithe. Tá iarratas imlíneach pleanála á réiteach ag mo Roinn i láthair na huaire. Breithneofar ceannach an tsuímh agus seachadadh an fhoirgnimh nua scoile i bhfianaise na ngealltanas atá tugtha cheana féin agus na n-éileamh iomaíoch eile ar bhuiséad caipitil na Roinne.
No comments