Written answers
Tuesday, 19 April 2011
Department of Education and Skills
Foireann Scoile
8:00 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Question 101: To ask the Aire Oideachais agus Scileanna cé mhéid scoil i ngach contae nach bhfuil ann ach príomhoide mar mhúinteoir ranga; cé mhéid scoil i ngach contae nach bhfuil de mhúinteoirí ranga ann ach príomhoide agus cúntóir amháin; cad iad ainmneacha na scoileanna sin agus an uimhir rolla agus líon na scoláirí i ngach scoil acu; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [8153/11]
Ruairi Quinn (Dublin South East, Labour)
Link to this: Individually | In context
Áiríonn Rannán na Staitisticí ar shuíomh gréasáin mo Roinne eolas forleathan a bhaineann le rollúcháin daltaí, méideanna na ranganna, méideanna na scoileanna agus an líon múinteoirí. Baineann na figiúirí is déanaí a foilsíodh leis an scoilbhliain 2009/10. Tá eolas staitisticúil i leith na scoilbhliana 2010/11 in úd a fhoilsithe i Meán Fómhair 2011.
No comments